Lúcas 7:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)44 Agus ag casaḋ ċum na mná ḋó, aduḃairt sé le Síomón, An ḃfeiceann tú an ḃean so? Ṫáinig mise isteaċ id’ ṫiġ‐se, ní ṫug tú uisce dom’ ċosaiḃ ḋom: aċt d’ḟluiċ sise mo ċosa le n‐a cuid deor, agus do ṫiormuiġ sí le n‐a gruaig iad. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)44 Agus ag tionntóḋ ċun na mná dó, duḃairt sé le Síomon: An ḃfeiceann tú an ḃean seo? Ṫáinic mise isteaċ i do ṫiġ, agus ní ṫug tú uisce daṁ fá ċoinne mo ċos; aċt niġ sise mo ċosa le n-a deora agus ṫriomuiġ sí iad le n-a cuid gruaige. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)44 Agus d’iompuiġ sé ċun na mná, agus dubairt sé le Símón: An ḃfeiceann tú an ḃean san? Ṫánag isteaċ ad’ ṫiġ-se, níor ṫugais-se ḋom uisge dom’ ċosaiḃ; aċ do niġ sí seo mo ċosa le n-a deóraiḃ, agus do ṫriomuiġ sí iad le n-a gruaig. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)44 Agus ar ḃfilleaḋ ḋó ċum na mná, a duḃairt sé ré Síomón, An ḃfaicean tú an ḃean so? ṫáinic misi a sdeaċ dod ṫiġsi agus ní ṫug tú uisgi ċum mo ċos díonlaḋ: aċd do niġ an ḃean so mo ċosa le na déuruiḃ, agus dé ṫiormuiġ sí íad le grúaig a cinn. Faic an caibideil |