Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 7:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus an uair ċéadna sin do leiġeas sé mórán daoine ó ġalaraiḃ, agus ó aicídiḃ, agus ó ḋroċ‐spioraidiḃ; agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus an uair ċéadna sin leiġeas sé mórán ó ġalair agus ó ċréaċta agus ó airspioraid, agus ṫug sé an t-aṁarc do ṁórán dall.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus an uair ċéadna san do leiġis sé mórán daoine ó n-a ngalaraiḃ agus ó n-a gcneaḋaiḃ, agus ó annspridíḃ, agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ar an uár sin fein do ċlánuiġ seisean mórán dáoine ó easláintiḃ agus ó ṗláiġiḃ, agus ó ḋroċ spioraduiḃ; agus ṫug sé á raḋarc do ṁórán dall.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 7:21
12 Iomraidhean Croise  

Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


óir do ḃí sé tar éis mórán daoine do leiġeas; ar ċuma go raiḃ na daoine ar a raiḃ aicíd ar biṫ, go raiḃ siad ag brúġaḋ isteaċ air, ag cuimilt leis.


Agus ar an láṫair do ṫiormuiġ sruṫ a fola; agus d’aiṫin sí ar a colainn go raiḃ sí leiġeasta ó’n ngalar.


Agus aduḃairt seisean léi, A inġean, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú: imṫiġ i síoṫċáin, agus bí slán ód’ ġalar.


Agus nuair ṫáinig na fir ċuige, aduḃradar, Do ċuir Eoin Baiste ċugat‐sa sinn, g‐á ráḋ, An tusa an té atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn fanaṁain le duine éigin eile?


Óir smaċtuiġeann an Tiġearna an té go ḃfuil gráḋ aige ḋó, Agus sciúirseann sé gaċ mac ġlacas sé.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan