Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 7:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. Agus ṫáinig criṫ‐eagla ar gaċ uile ḋuine: agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Atá fáiḋ mór éiriġṫe ’n‐ár measc: agus, Ṫáinig Dia ar cuairt ċum a ṁuinntire.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus ṫáinic eagla orṫa uilig, agus ṫug siad glóir do Ḋia, ag ráḋ: D’éiriġ fáiḋ mór i n-ár measc, agus ḋearc Dia ar a ṁuinntir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus ṫáinig eagal ar na daoine go léir, agus ṫugadar glóire do Ḋia, agus duḃradar: Tá fáiḋ mór eiriġṫe ’n-ár measg, agus ṫáinig Dia ag féaċaint a ḋaoine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus do ġaḃ eagla íad uile: agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Déirġe fáiḋ mór an ar measg; agus, Dféuċ Día ar a ṗobal féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 7:16
31 Iomraidhean Croise  

agus do leiġeas sé iad: i dtreo go raiḃ iongnaḋ ar an sluaġ, nuair do ċonnacadar na balḃáin ag laḃairt, agus na mairtíniġ slán, agus na daoine bacaċa ag siuḃal, agus raḋarc ag na dallaiḃ: agus ṫugadar molaḋ do Ḋia Israeil.


Agus aduḃairt na sluaiġte, Is é seo an fáiḋ, Íosa, ó Nasair na Gaililé.


Agus d’imṫiġeadar‐san go luaṫ ó’n tuama agus eagla agus an‐áṫas orṫa, agus do riṫeadar ċum an scéal d’innsin d’á ḋeisceablaiḃ.


Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte sin, ṫáinig eagla orṫa, agus ṫugadar glóir do Ḋia, ṫug a leiṫéid sin de ċuṁaċt do ḋaoiniḃ.


Agus do ġaḃ eagla iad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe ’n‐a dtimċeall: agus do leaṫ tuairisc na neiṫe sin go léir ar fud na sléiḃte i nIúdaea ar fad.


Go moltar an Tiġearna, Dia Israel; Óir do ċuṁduiġ sé a ṁuinntear agus do‐rinne sé fuascailt dóiḃ,


agus buailfid ṫú ċum na talṁan, agus do ċlann atá istiġ ionnat: agus ní ḟágfaid cloċ ar muin cloiċe ionnat: toisc nár aiṫniġis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia ċugat.


Agus d’ḟill na h‐aoḋairí, agus iad ag glóiriú agus ag molaḋ Dé mar ġeall ar a gcualadar agus a ḃfacadar, de réir inar aduḃraḋ leo.


Agus aduḃairt seisean leo, Créad iad na neiṫe? Agus aduḃradar‐san leis, Na neiṫe i dtaoḃ Íosa Nasarḋa do ḃí ’n‐a ḟáiḋ cuṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine:


Agus ṫáinig uaṫḃás ar ċáċ, agus do ḃíodar ag molaḋ Dé; agus do ḃíodar lán d’eagla, g‐á ráḋ, Do ċonnacamar neiṫe iongantaċa indiu.


Aċt nuair do ċonnaic Síomón Peadar sin, do ṫuit sé ag glúnaiḃ Íosa, agus aduḃairt sé, Imṫiġ uaim, a Ṫiġearna, mar is duine peacaṁail mé.


Agus d’éiriġ an duine marḃ ’n‐a ṡuiḋe, agus do ṫosnuiġ sé ar laḃairt.


Agus an Fairisíneaċ ṫug an cuireaḋ ḋó, nuair do ċonnaic sé sin, aduḃairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáiḋ an fear so, do ḃéaḋ a ḟios aige cia h‐í an ḃean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacaċ í.


Agus muinntear críċe na nGerasénaċ ṫart timċeall, d’iarr siad air imṫeaċt uaṫa; óir ba ṁór an eagla do ḃí orṫa: agus do ċuaiḋ sé isteaċ i mbád, agus d’ḟill sé ar ais.


Agus d’ḟreagradar‐san, g‐á ráḋ, Eoin Baiste; aċt adeir daoine eile, Élias; agus daoine eile, gur duine de na sean‐ḟáiḋiḃ d’éiriġ.


Agus d’ḟiafruiġeadar de, Cia h‐é ṫusa, má’s eaḋ? An tú Élias? Aduḃairt seisean, Ní mé. An tusa an fáiḋ? Agus d’ḟreagair seisean, Ní mé.


Agus do ċeistiġeadar é, agus aduḃradar leis, Cad ċuige a ndéanann tú baisteaḋ, mar sin, muna tusa an Críost, nó Élias, nó an fáiḋ?


Aduḃairt an ḃean leis, A ḋuine uasail, do‐ċím gur fáiḋ ṫú.


Agus nuair do ċonnaic na daoine an ṁíorḃail do‐rinne sé, aduḃradar, Go fírinneaċ is é seo an fáiḋ atá le teaċt ar an saoġál.


Agus aduḃairt siad arís leis an dall, Créad é do ḃaraṁail de’n té úd, ó d’ḟoscail sé do ṡúile? Aduḃairt seisean, Fáiḋ is eaḋ é.


Agus nuair do‐ċuala Ananias na focail sin, do ṫuit sé ar lár agus d’éag sé.


Is é an Maois sin aduḃairt le clainn Israel, Tógfaiḋ Dia suas fáiḋ mar mise ḋaoiḃ as lár ḃúr mbráiṫreaċ.


agus ṫugadar glóir do Ḋia im’ ṫaoḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan