Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 6:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Aċt d’aiṫniġ seisean a smaointe; agus aduḃairt sé le fear na láiṁe seargṫa, Éiriġ id’ ṡeasaṁ, agus seas i lár baill.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Aċt ḃí fios a smaointe aige-sean, agus duḃairt sé leis an duine a raiḃ an láṁ ṡeargṫa air: Éiriġ agus seasuiġ i lár báire. Agus d’éiriġ seisean agus ṡeasuiġ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Aċ ḃí ḟios a smuínte aige, agus duḃairt sé leis an nduine n-a raiḃ an láṁ ṡeirgṫe aige: Eiriġ, agus seasaiṁ i lár baill. Agus d’eiriġ agus do ṡeasaiṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Aċd daiṫin seisean a smúaintiġṫe, agus a duḃairt sé ris an duine agá raiḃ an láṁ ṡeargṫuiġ, Eiriġ, agus seas a lar ċáiċ. Agus do éiriġ seision agus do ṡeas sé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 6:8
19 Iomraidhean Croise  

Agus nuair ṫug Íosa fá ndeara na smaointe do ḃí aca, aduḃairt sé, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag smaoineaḋ go h‐olc i n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ?


Agus aduḃairt sé leis an ḃfear ag a raiḃ an láṁ ṡeargṫa, Seas amaċ annso.


Agus nuair do ċonnaic Íosa í, do ġlaoḋ sé ċuige í, agus aduḃairt sé léi, A ḃean, atá tú saor ód’ laige.


Aċt ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag ceasnú i n‐ḃúr gcroiḋṫiḃ?


Agus d’éiriġ sé agus do ṡeas. Agus aduḃairt Íosa leo, Fiafruiġim díḃ, Ciaca is cóir maiṫ do ḋéanaṁ, nó olc do ḋéanaṁ, ar an tsabóid, anam duine do ṡlánú, nó do ṁilleaḋ?


agus nár ṫeastuiġ uaiḋ teist ar an duine d’ḟáġáil ó aoinneaċ; óir do b’eol dó féin créad do ḃí sa duine.


Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.


Caiṫfimíd oibreaċa an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ an ḟaid atá an lá ann: atá an oiḋċe ag teaċt nuair naċ ḃféadann aon duine obair do ḋéanaṁ.


Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


Óir atá eolas ag an riġ, go ḃfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neiṫiḃ seo; óir ní ṁeasaim go ḃfuil éinniḋ díoḃ so fá ċeilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneaḋ é.


gan aon eagla ḃeiṫ oraiḃ roiṁ an dream ċuireas ’n‐ḃur gcoinniḃ: rud atá mar ċóṁarṫa cinnte a mbascṫa ḋóiḃ‐sean, aċt atá mar ċóṁarṫa slánuiġṫe ḋaoiḃ‐se, agus sin ó Ḋia;


Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla gur ḟulaing Críost san ḃfeoil, bíoḋ an aigne ċéadna sin mar arm agaiḃ; óir an té d’ḟulaing san ḃfeoil, atá sé scarṫa le peacaḋ;


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan