Lúcas 6:48 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)48 is cosṁail é le fear do ḃí ag tógáil tiġe, agus do ṫoċail go doiṁin síos sa talaṁ, agus do ċuir an bun ar an gcarraig: agus nuair ṫáinig an tuile, do ḃuail an raḃarta i gcoinniḃ an tiġe sin, agus níor ḟéad sé a ċorrú: óir do ḃí sé tógṫa go daingean. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)48 Is cosaṁail é le duine ag cógáil tiġe, a ṫoċail go doṁain agus a leag an duḃṡraiṫ ar an ċarraig; agus nuair a ṫáinic an tuile, ḃuail an sruṫ go tréan fá’n tiġ sin, agus ní raiḃ sé i n-inniṁ é ċorruġaḋ; óir ḃí sé bunuiġṫe ar an ċarraig. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)48 Is cosṁail é le fear a ḃí ag déanaṁ tiġe agus do róṁar sé síos go doiṁinn gur ċuir sé an ċloċ-ḃuinn ar an gcaraig; agus ṫáinig an tuile agus do buaileaḋ an tiġ sin go dian aċ níor coruiġeaḋ é, mar ḃí sé daingean ar an gcaraig. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)48 As cosṁuil é ré neaċ do ṫóg a ṫiġ, agus do ṫoċail, agus do ċúaiḋ go doṁuin a dtaluṁ, agus do ċuir a ṡocruġaḋ ar ċarruig: agus mar ṫáinig an tuile, do ḃúail an sruṫ go fíoċṁar fán dtiġ úd, aċd níor ḃéidir leis a ċorruġaḋ: óir do ḃí sé socruġṫe ar ċarruig. Faic an caibideil |