Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 6:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Óir as a ṫoraḋ is eaḋ aiṫeantar gaċ crann. Óir ní bailiġtear figí de ḋeilgniġ, ná ní bailiġtear caora fíneaṁna de ḋriseoig.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

44 Óir aiṫniġtear gaċ crann as a ṫoraḋ. Óir ní ċruinniġeann daoine fígí de ċrainn spíona, agus ní ḃaineann siad caor ḟíneaṁna de ḋreasóig.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Mar aiṫniġtear gaċ crann as a ṫoraḋ. Óir ní bailiġtear fígí de sgeaċaiḃ ná caora fíneaṁna de ḋriseaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

44 Oír is ó a ṫoraḋ aiṫeantar gaċ uile ċrann. Oír ní ċruinniġid dáoine fígiḋe do ḋeilgneaċ, na cáora fineaṁna do ḋriseaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 6:44
7 Iomraidhean Croise  

Déanaiḋ an crann maiṫ agus a ṫoraḋ maiṫ; nó déanaiḋ an crann loḃṫa agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir ar a ṫoraḋ is eaḋ aiṫniġtear an crann.


Ar a dtorṫaiḃ is eaḋ aiṫneoċas siḃ iad. An mbailiġtear caora fíneaṁna de’n driseaċ, nó figí de na feoċadánaiḃ?


D’á ḃriġ sin, ar a dtorṫaiḃ is eaḋ aiṫneoċas siḃ iad.


An ḃféadann crann fige, a ḃráiṫre, caora crainn ola do ṫaḃairt, nó crann fineaṁna figí do ṫaḃairt? Ní ḟéadann, agus ní mó ḟéadas uisce guirt fíor‐uisce do ṫaḃairt.


Atáid mar ḃéaḋ cairrgeaċa foluiġṫe ’n‐ḃur ḃfleaḋannaiḃ gráḋa, ag iṫe go craosaċ, mí‐náireaċ ’n‐ḃur gcuiḃreann, ag taḃairt aire ḋóiḃ féin aṁáin; néallta gan uisce d’á scuabaḋ le gaoṫaiḃ; crainn fóġṁair gan toraḋ, atá marḃ fá ḋó, do tarraingeaḋ as a ḃfréaṁaiḃ;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan