Lúcas 6:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)42 Nó cionnas is féidir leat a ráḋ led’ ḃráṫair, A ḃráṫair, leig dom an duḃradán atá id’ ṡúil do ḃaint aisti, agus naċ ḃfeiceann tú an tsail atá id’ ṡúil féin? A ḟíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do ṡúil féin, agus annsin doċífir go soiléir cionnas an duḃradán do ḃaint as súil do ḃráṫar. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)42 Nó cad é mar ṫig leat a ráḋ le do ḋearḃráṫair: A ḋear-ḃráṫair, leig daṁ an scealbóg a ṫarraingt amaċ as do ṡúil, nuair naċ ḃfeiceann tú an tsail i do ṡúil féin? A ḃréagċráiḃṫiġ, caiṫ amaċ an tsail as do ṡúil féin ar dtús; agus annsin tcífiḋ cú go soiléir ċun an scealbóg a ḃaint as súil do ḋearḃráṫar. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)42 Nó conus is féidir duit a ráḋ le t’ḃráṫair: A ḃráṫair, leig dom an dúradán a ḃaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ ṡúil féin? A ċluanaiḋe, bain an tsail ar dtúis as do ṡúil féin, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)42 Nó cionnus as éidir leaċd a ráḋ réd ḋearḃraṫair, A ḋearḃraṫair, léig ḋaṁ an broṫ atá ad ṡúil do ḃáin aisde, agus náċ ḃfaiceann tú an tsail atá ad ṡuil féin? A ḟir an ḋúarċráḃuiḋ, ar tus teílg amaċ an tsail as do ṡuil féin, agus an sin ḃus léir ḋuit, an broṫ atá a súil de ḋearḃráṫar do ḃúain aisde. Faic an caibideil |