Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 6:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Taḃair dó‐san iarras niḋ ort; agus an té ṫógas do ċuid uait, ná h‐éiliġ air arís é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Taḃair do gaċ aoinneaċ a iarras ort, agus ná h-iarr ṫar ais do ċuid féin ar an té a ḃeir uait é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Gaċ aoinne a ḋ’iarrfaiḋ rud ort, taḃair dó é; agus má ḃeireann duine do ċuid uait ná h-éiliṁ ṫar n-ais air é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus taḃuir do gaċ neaċ íarrus ort; agus ón te ṫógḃás do ċuid úait ná híarr air ais é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 6:30
29 Iomraidhean Croise  

Agus is mar sin ḋéanfas m’Aṫair neaṁḋa ḋaoiḃ‐se, muna maiṫfiḋ gaċ aon duine agaiḃ d’á ḃráṫair ó ċroiḋe.


aċt adeirim‐se liḃ, gan cur i n‐aġaiḋ an uilc: aċt cibé duine ḃuailfeas ṫú ar an leacain deis, iompuiġ ċuige an leaca eile, leis.


agus maiṫ ḋúinn ár ḃfiaċa, mar do ṁaiṫeamair‐ne d’ár ḃféiċeaṁnaiḃ féin;


Aċt, i dtaoḃ a ḃfuil istiġ, taḃraiḋ déirc uaiḃ; agus féaċ, sin é gaċ uile niḋ glan daoiḃ.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.


Agus nuair do‐ċuala Íosa é sin, aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort fós: díol a ḃfuil agat, agus taḃair do na boċtaiḃ é, agus béiḋ ionnṁas ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


An té ḃuaileas ṫú ar leacain leat, iompuiġ ċuige an leaca eile, leis; agus an té ḃaineas do ḃrat díot ná h‐eitiġ do ċasóg air, ċóṁ maiṫ.


Agus fá mar ba ṁaiṫ liḃ do‐ġéanaḋ daoine ḋaoiḃ, déanaiḋ‐se mar an gcéadna ḋóiḃ‐sean.


maiṫiḋ, agus maiṫfear daoiḃ: taḃraiḋ uaiḃ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ; tóṁas lán, dingṫe, croiṫte, ag cur ṫar maol, is eaḋ ṫiuḃras siad daoiḃ ’n‐ḃúr n‐uċt. Óir an tóṁas le n‐a dtóṁaiseann siḃ, is leis tóṁaisfear ar ais ċugaiḃ.


Do ḃíos im’ eisiompláir ḋaoiḃ ins gaċ éinniḋ, g‐á ṫaisbeáint daoiḃ gur ag obair ar an gcuma sin ba ḋual daoiḃ cuidiú leis na daoiniḃ laga, agus cuiṁniú ar ḃriaṫraiḃ an Tiġearna Íosa, mar aduḃairt sé, Is mó is beannuiġṫe bronnaḋ ’ná glacaḋ.


Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean.


ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan