Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 6:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Taḃraiḋ beannaċt dóiḃ‐sean do‐ḃeir mallaċt daoiḃ, déanaiḋ guiḋe orṫa‐san do‐ġní tromaiḋeaċt oraiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Iarraigiḋ beannaċt ar na daoine a ḃíos ag mallaċtaiġ oraiḃ, agus guiḋigiḋ ar son na ndaoine a ḃíos ag cur ḃréag oraiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Tugaiḋ beannaċt do’n ṁuintir a ṫaḃarfaiḋ mallaċt daoiḃ, agus deiniḋ guiḋe ar an muintir a ḋéanfaiḋ tromaiḋeaċt oraiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Taḃruiḋ ḃur mbeannaċd don dreim ṁalluiġeas siḃ, agus déunuiḋ urrnaíġe ar son na muinntire do ní ḃur ndíoġḃáil.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 6:28
13 Iomraidhean Croise  

aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ;


Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.


Aċt adeirim liḃ‐se atá ag éisteaċt liom, Taḃraiḋ gráḋ do ḃúr náiṁdiḃ, déanaiḋ maiṫ ḋóiḃ‐sean do‐ḃeir fuaṫ ḋaoiḃ.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Agus nuair d’éiriġ droċ‐ḟuadar fá na Cineaḋaċaiḃ agus fá na h‐Iúdaċaiḃ mar aon le n‐a riaġlóiriḃ, ċum droċ‐íde do ṫaḃairt orṫa, agus gaḃáil de ċloċaiḃ orṫa, do ċonnacṫas dóiḃ é,


Agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Ṫiġearna, ná cuir an peacaḋ so ’n‐a leiṫ. Agus, ar n‐a ráḋ sin dó, do ṫuit a ċodlaḋ air. Agus do ḃí Saul ag aontú le n‐a ḃás.


Taḃraiḋ beannaċt do na daoiniḃ do‐ġní géirleanṁain oraiḃ; taḃraiḋ beannaċt agus ná taḃraiḋ mallaċt.


bímíd ag obair go dian le n‐ár láṁaiḃ féin: nuair masluiġtear sinn, do‐ḃeirimíd beannaċt; nuair do‐ġnítear géirleanṁain orainn, fulaingmíd leis;


tagann beannú agus mallú amaċ as béal aṁáin. A ḃráiṫre, ní ḟuil sé ceart sin do ḃeiṫ aṁlaiḋ.


gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan