Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 6:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Aċt adeirim liḃ‐se atá ag éisteaċt liom, Taḃraiḋ gráḋ do ḃúr náiṁdiḃ, déanaiḋ maiṫ ḋóiḃ‐sean do‐ḃeir fuaṫ ḋaoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Aċt deirim liḃ-se atá ag éisteaċt: Gráḋuiġigiḋ ḃur náiṁde; déanaigiḋ maiṫ dóḃṫa sin a ṫug fuaṫ díḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Aċ deirim liḃ-se atá ag éisteaċt liom: Tugaiḋ gráḋ d’ḃúr naṁaid, deiniḋ maiṫ do’n ṁuintir a ṫaḃarfaiḋ fuaṫ daoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Aċd a deirim riḃsi atá ag éisdeaċd, Gráḋuiġiḋ ḃur náṁuid, déunuiḋ maiṫ don dreim air ar fúaḋ siḃ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 6:27
22 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire do’n méid ċloiseas siḃ: an tóṁas ’n‐a dtóṁaiseann siḃ, is é sin an tóṁas ’n‐a dtóṁaisfear ċugaiḃ: agus do‐ḃéarfar tuilleaḋ ḋaoiḃ.


Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.


Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Agus an ċuid atá sa talaṁ maiṫ, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriaṫar le deaġ‐ċroiḋe macánta, agus congḃuiġeann siad é, agus do‐ḃeir siad toraḋ go foiġdeaċ uaṫa.


D’á ḃriġ sin, taḃraiḋ do ḃúr n‐aire cionnas éistfeas siḃ: óir cibé duine ag a ḃfuil niḋ, do‐ḃéarfar dó; agus cibé duine naċ ḃfuil niḋ aige, tógfar uaiḋ a measann sé a ḃeiṫ aige.


Agus do ṫuit cuid eile ar an talaṁ maiṫ, agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, fá ċéad. Nuair aduḃairt sé an méid sin, do ġlaoḋ sé amaċ, An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


Aċt do ġlaoḋ Pól de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Ná déan aon díoġḃáil ort féin: atáimíd uile annso.


Agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Ṫiġearna, ná cuir an peacaḋ so ’n‐a leiṫ. Agus, ar n‐a ráḋ sin dó, do ṫuit a ċodlaḋ air. Agus do ḃí Saul ag aontú le n‐a ḃás.


Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.


Féaċaiḋ ċuige naċ dtiuḃraiḋ aoinneaċ an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; aċt leanaiḋ i gcóṁnaiḋe do’n ṁaiṫ eadraiḃ féin agus i dtaoḃ an uile ḋuine.


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan