Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 6:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Is beannuiġṫe a ḃéas siḃ, nuair a ḃéarfas na daoine fuaṫ díḃ, agus a ċuirfeas siad as a gcuideaċta siḃ, agus ḃéarfas siad tarcuisne díḃ, agus a ċaiṫfeas siad ḃur n-ainm uaṫa amaċ mar droċ-rud, mar ġeall ar Ṁac an Duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Is aoiḃinn daoiḃ-se nuair a ṫaḃarfaid na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus a ṡéanfaid siad siḃ, agus ṫaḃarfaid siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair a ċuirfid siad ḃúr n-ainim amaċ ’n-a droċ-ainim, mar ġeall ar Ṁac an Duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 As beannaiġṫe ḃeiṫí, an tráṫ ḟúaṫóċuid dáoine siḃ, agus ċuirfid siad as a gcuideaċda siḃ, agus imḋeargfuid siḃ, agus ċuirfid ḃur nainm amaċ mar olc, ar son Ṁic an duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 6:22
29 Iomraidhean Croise  

agus béarfaiḋ siad siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ‐sean agus do na Págánaċaiḃ.


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se: aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Cibé duine ġeoḃas a anam caillfiḋ sé é; agus cibé ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, do‐ġeoḃaiḋ sé é.


Agus do ċaiṫeadar as an ḃfíonġort amaċ é, agus do ṁarḃadar é. Créad do‐ġéanaiḋ tiġearna an ḟíonġuirt leo annsin?


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma.


Is aoiḃinn daoiḃ‐se ar a ḃfuil ocras anois: óir sásóċar siḃ. Is aoiḃinn daoiḃ‐se atá ag gol anois: óir do‐ġéanaiḋ siḃ gáiriḋe.


Do ḃí mórán de na h‐uaċtaránaiḃ féin, áṁ, do ċreid ann; aċt, mar ġeall ar na Fairisíneaċaiḃ níor adṁuiġeadar é, ar eagla go gcuirfiḋe amaċ as an tsionagóig iad:


Cuirfear amaċ as na sionagógaiḃ siḃ: ṫairis sin, atá an uair ag teaċt go measfaiḋ an té ṁarḃas siḃ gur ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia atá sé.


Ṫugas‐sa ḋóiḃ do ḃriaṫar‐sa; agus ṫug an saoġal fuaṫ ḋóiḃ, de ċionn naċ de’n tsaoġal iad, fá mar naċ de’n tsaoġal mise.


Ní ḟéadann an saoġal fuaṫ do ṫaḃairt daoiḃ‐se; aċt atá fuaṫ aige ḋaṁ‐sa, de ḃriġ go dtugaim fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go ḃfuil a ġníoṁarṫa go h‐olc.


D’ḟreagradar‐san agus aduḃradar leis, Is i bpeacaiḋiḃ ar fad rugaḋ ṫusa, agus an ag taḃairt teagaisc dúinne atáir? Agus do ċaiṫeadar amaċ é.


D’éisteadar leis go dtí an focal sin; annsin d’árduiġeadar a nglór, agus aduḃradar, Curtar a leiṫéid sin de’n tsaoġal; óir ní cóir é ḃeiṫ beo.


Is aṁlaiḋ fuaramar an fear so ’n‐a uġdar tubaiste agus ’n‐a aḋḃar ceannairce i measc na nIúdaċ ar fud an doṁain, agus é ’n‐a ċeann ar aicme na Nasarḋaċ:


óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.


Aċt má ḟulaingeann siḃ ar son na fíréantaċta féin, is aoiḃinn daoiḃ: agus ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa‐san, agus ná bíoḋ buaiḋirt oraiḃ;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan