Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 6:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Is aoiḃinn daoiḃ‐se ar a ḃfuil ocras anois: óir sásóċar siḃ. Is aoiḃinn daoiḃ‐se atá ag gol anois: óir do‐ġéanaiḋ siḃ gáiriḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Is beannuiġṫe siḃ-se, a ḃfuil ocras oraiḃ anois, óir ġeoḃaiḋ siḃ ḃur sáiṫ. Is beannuiġṫe siḃ-se, atá ag gol anois, óir béiḋ siḃ ag gáiriḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Is aoiḃinn daoiḃ-se ar a ḃfuil an t-ocras anois, óir ġeoḃaiḋ siḃ ḃúr sáiṫ. Is aoiḃinn daoiḃ-se atá anois ag gol, óir gáirfiḋ siḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 As beannaiġṫe siḃ a ḋáoine atá ocraċ a nois: óir sáiséoċṫar siḃ. As beannaiġṫe siḃsi ċáoiḋeas a nois: óir do ḋéuntáoi gáire.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 6:21
56 Iomraidhean Croise  

Is aoiḃinn dóiḃ‐sean do‐ġní dobrón, mar do‐ġeoḃaid sólás.


Is aoiḃinn dóiḃ‐sean ar a ḃfuil ocras agus tart ċum fíréantaċta, mar do‐ġeoḃaid a sáit.


Do líon sé luċt an ocrais d’oll‐ṁaiṫeasaiḃ; Agus do ċuir sé folaṁ uaiḋ luċt an tsaiḋḃris.


Annsin, ag taḃairt súl ar a ḋeisceablaiḃ dó, aduḃairt sé, Is aoiḃinn daoiḃ‐se atá boċt: oir is liḃ ríoġaċt Dé.


Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.


Is mairg daoiḃ‐se atá sáiṫeaċ anois! óir béiḋ ocras oraiḃ. Is mairg daoiḃ‐se atá ag gáiriḋe anois! óir béiḋ siḃ ag caoi agus ag gol.


Do ḃris a ġol ar Íosa.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé léi, Dá mb’ eol duit taḃartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á ráḋ leat, Taḃair ḋom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐ḃéarfaḋ sé uisce beo ḋuit.


Aduḃairt Íosa leo, Is mise arán na beaṫaḋ: an té ṫig ċugam‐sa, ní ḃéiḋ ocras go bráṫ air, agus an té ċreideas ionnam‐sa, ní ḃéiḋ tart go bráṫ air.


Go dtí an uair seo féin atá ocras agus tart orainn, agus atáimíd lomnoċt, agus tugtar droċ‐íde orainn, agus ní ḟuil aon ċóṁnaiḋe ḃuan againn;


i saoṫar agus i gcruaḋtan, i ḃfaireaċán go minic, i dtroscaḋ go minic, fá ocras agus fá lomnoċtaiġe.


D’á ḃriġ sin bainim aoiḃneas as na laigeaċtaiḃ, as na maslaiḃ, as na géirleanaṁaintiḃ, as na h‐anaċnaiḃ, ar son Ċríost, óir is i n‐am mo laige is mó ḃím láidir.


mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.


Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.


Agus do ċualas árd‐ġlór ó’n riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Féaċ, atá tabernacal Dé ag daoiniḃ, agus déanfaiḋ sé cóṁnaiḋe i n‐éinḟeaċt leo, agus béiḋ siad ’n‐a bpobal aige, agus béiḋ Dia féin ’n‐a ḃfoċair, agus béiḋ sé aca mar Ḋia:


Ní ḃéiḋ ocras ná tart orṫa ċoiḋċe; agus ní ḃuailfiḋ an ġrian ná aon teas loiscneaċ orṫa: óir an tUan atá i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan