Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 6:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair ṫáinig an lá, do ġlaoḋ sé ċuige a ḋeisceabail: agus do ṫoġ sé dáréag aca, d’as ġoir sé apstail;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus nuair a ṫáinic an lá, ġoir sé ċuige a ḋéisciobail, agus ṫoġ sé dáréag acu, (a dtug sé Abstail orṫa).

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus nuair a ṫáinig an lá do ġlaoiḋ sé ċuige a ḋeisgiobuil, agus do ṫoġ sé dáréag acu, agus ṫug sé Aspoil mar ainim orṫa san;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus ar néirġe don lá, do ġoir sé a ḋesiciobail ċuige: agus do ṫoġ sé ḋá ḟéar ḋéug asda, dár ġoir se absdail;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 6:13
20 Iomraidhean Croise  

Agus is iad so ainmneaċa an dáréag abstal: An ċéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a ḋearḃráṫair; Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair;


Agus duḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, nuair ṡuiḋfeas Mac an Duine i gcaṫaoir a ġlóire, san aiṫ‐ġeineaṁain, siḃ‐se do lean mé, suiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


Aċt nuair do ċonnaic sé na sluaiġte, do ġaḃ truaġ an‐ṁór dóiḃ é, toisc go raḃadar traoċta, scaipṫe aṁail caoiriġ gan aoḋaire.


Agus do ċruinniġ na h‐abstail ċum Íosa; agus d’inniseadar dó gaċ niḋ, a raiḃ déanta aca, agus a raiḃ múinte aca.


Agus do ġlaoḋ sé ċuige an dá‐réag, agus do ṫosnuiġ sé ar a gcur amaċ ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt; agus ṫug sé ceannas dóiḃ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana;


Ar an aḋḃar sin aduḃairt eagna Dé, Cuirfead fáiḋe agus abstail ċuca; agus marḃócaid cuid aca, agus do‐ġéanaid géirleanaṁain orṫa;


ċum go n‐íosfaiḋ agus go n‐ólfaiḋ siḃ ar mo ḃórd‐sa im’ ríoġaċt; agus go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃúr suiḋe ar riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a ḋearḃráṫair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parṫalán,


Annsin aduḃairt na deisceabail eadorṫa féin, An féidir go dtug aoinneaċ rud le n’iṫe ċuige?


Agus ar dteaċt isteaċ ḋóiḃ, ċuadar suas go dtí an seomra uaċtaraċ, mar a raiḃ siad ’n‐a gcóṁnaiḋe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parṫalán agus Maṫa, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Ṡéamais.


atá siḃ tógṫa ar ḃun na n‐abstal agus na ḃfáiḋ gur ab é Críost féin an ṗríoṁ‐ċloċ ċúinne ḋe;


Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ;


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar na briaṫraiḃ do laḃair na naoṁ‐ḟáiḋe roiṁ ré, agus ar aiṫne an Tiġearna agus an tSlánuiġṫeora tré n‐ḃur n‐abstalaiḃ:


Agus do noċtaḋ cóṁarṫa mór san spéir; bean, agus an ġrian mar ċlúdaċ uirṫi, an ġealaċ fá n‐a cosaiḃ, agus coróin dá réalta déag ar a ceann;


Déanaiḋ gáirdeaċas mar ġeall uirṫi, a ḟlaiṫeasa, agus a naoṁa, siḃ‐se a abstala agus siḃ‐se a ḟáiḋe; óir atá díoġaltas déanta uirṫi ag Dia ḋaoiḃ.


Agus do ḃí ḋá ḟoṫa déag fá’n gcaṫair, agus ḋá ainm déag ḋá abstal déag an Uain orṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan