Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 6:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin, go ndeaċaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċum urnaiġe do ḋéanaṁ; agus d’ḟan sé ar feaḋ na h‐oiḋċe ag guiḋe ċum Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ṫárla ins na laeṫe sin, go ndeaċaiḋ sé suas ar an tsliaḃ a ḋéanaṁ urnaiġe, agus ṫug sé an oiḋċe ag guiḋe Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus do ṫárla ins na laeṫanta san go ndeaġaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, agus go dtug sé an oiḋċe ag guiḋe ċun Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ seisean amaċ ar ṡlíaḃ do ḋéunaṁ úrnaiġe, agus do ċaiṫ sé an oiḋċe ag guiḋe Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 6:12
23 Iomraidhean Croise  

Agus nuair ċonnaic sé na sluaiġte, do ċuaiḋ sé suas ar an sléiḃ; agus nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe,


Aċt nuair ḃíos tusa ag déanaṁ urnaiġe, téir isteaċ id’ ṡeomra, agus dún an doras, agus cuir do ġuiḋe ċum t’Aṫar do‐ḟeicsiona, agus t’Aṫair do‐ċí a ḃḟuil fá ċeilt, cúiteoċaiḋ sé leat.


Agus ar maidin, roiṁ ḟáinniú an lae go moċ, d’éiriġ sé agus do ċuaiḋ sé amaċ, agus d’imṫiġ sé go h‐áit ḟásaṁail, agus do rinne sé urnaiġe ann.


Agus do ċuaiḋ sé suas ar an gcnoc, agus do ġlaoḋ sé ċuige na daoine ba ṫoil leis: agus ṫángadar ċuige.


Agus nuair do ċuir sé slán leo, d’imṫiġ sé suas an cnoc ċum urnaiġe do ḋéanaṁ.


Aċt d’imṫiġeaḋ seisean uaṫa isteaċ sa ḃfásaċ, agus do‐ġníoḋ sé urnaiġe ann.


Agus do ḃíodar‐san lán de ċúṫaċ; agus do ġlacadar cóṁairle le ċéile d’ḟéaċain créad do ḋéanfaidís le h‐Íosa.


agus ṫáinig sé anuas i n‐éinḟeaċt leo, agus do ṡeas sé ar áit réiḋ, agus sluaġ mór d’á ḋeisceablaiḃ, agus liaċt mór daoine ó lúdaea agus ó Iarúsalem, agus ó imeall‐ḃórd Ṫuire agus Ṡídóine, daoine ṫáinig ċum go n‐éistfidís leis, agus ċum go leiġeasfaiḋe a ngalair;


Agus ṫarla, agus é ag guiḋe ’n‐a aonar, go raiḃ na deisceabail ’n‐a ḟoċair: agus do ċeistiġ sé iad, g‐á ráḋ, Cia h‐é adeir na daoine gur mise?


Agus ṫarla, timċeall oċt lá tar éis na cainnte sin, go dtug sé leis Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus go ndeaċaiḋ sé suas ar ṡléiḃ ċum urnaiġe do ḋéanaṁ.


Agus le linn guiḋe ḋó, ṫáinig aṫrú gné air, agus d’éiriġ a éadaiġe geal, lonnraċ.


Agus do ċuaiḋ Íosa suas an cnoc, agus do ṡuiḋ sé annsin i ḃfoċair a ḋeisceabal.


Leanaiḋ go buan de’n urnaiġe, agus biḋiḋ go h‐aireaċ innti,


Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan