Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 5:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus do ṫosnuiġ na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ ar ċeasnú, agus iad g‐á ráḋ, Cia h‐é seo atá ag laḃairt dia‐ṁasla? Cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ, aċt Dia aṁáin?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus ṫoisiġ na Scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ a smaoineaḋ, agus a ráḋ: Cé h-é seo a laḃras diaṁaslaċa? Cé aċt Dia aṁáin a dtig leis peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus do ċrom na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ar ṁaċtnaṁ, agus ar a ráḋ: Cad é mar ḋuine é seo a laḃrann diaṁasla? Cé ḟéadann peacaí do ṁaiṫeaṁ aċ Dia aṁáin?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus ṫionnsgnadar na sgríobuiḋe agus na Ṗairisiniġ diosbóireaċd do ḋéanaṁ, ag ráḋ, Créd é an fearsa laḃras blaisṗéimiġe? Cía ḟeúdus peacuiġ do ṁaiṫeaṁ, aċd Día ná áonar?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 5:21
23 Iomraidhean Croise  

Annsin do réab an t‐árd‐ṡagart a éadaiġe, agus aduḃairt, Dia‐ṁaslaḋ atá déanta aige: créad é an gáḃaḋ atá againn le n‐a ṫuilleaḋ fiaḋnaiḋṫe? Féaċ, do‐ċualaḃar anois an dia‐ṁaslaḋ: créad do‐ċítear daoiḃ?


Agus féaċ, aduḃairt cuid de na scríoḃaiḋṫiḃ ’n‐a n‐aigne féin, Atá sé sin ag dia‐ṁaslaḋ.


Taḃraiḋ uaiḃ, d’á ḃriġ sin, torṫaí oireas do ḃúr n‐aiṫriġe, agus ná tosnuiġiḋ ar a ráḋ liḃ féin, Atá Abraċam ’n‐a aṫair againn: óir adeirim liḃ, gur féidir le Dia slioċt d’Abraċam do ṫógáil ó na cloċaiḃ sin.


Agus ṫarla, go raiḃ sé lá ag teagasc; agus go raiḃ ’n‐a suiḋe ann Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe a ṫáinig ó gaċ baile beag sa nGáilile agus i nIúdaea, agus ó Iarúsalem: agus do ḃí cuṁaċt an Tiġearna aige ċum slánuiġṫe.


Aċt ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag ceasnú i n‐ḃúr gcroiḋṫiḃ?


Agus na daoine do ḃí ’n‐a suiḋe ċum biḋ ’n‐a ḟoċair, do ṫosnuiġeadar ar a ráḋ eadorṫa féin, Cia h‐é seo ṁaiṫeas fiú aṁáin peaċaiḋe?


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Ní mar ġeall ar aon deaġ‐obair atáimíd ag gaḃáil de ċloċaiḃ ort, aċt mar ġeall ar ḋiaṁasla, agus go ḃfuilir‐se, agus gan ionnat aċt duine, ag déanaṁ Dé ḋíot féin.


Cia h‐é ċuirfeas cúis ar ṁuinntir ṫoġṫa Dé? Is é Dia ḟíréanuiġeas: cia h‐é ḋaorfas?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan