Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 5:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus nuair do ċonnaic sé a gcreideaṁ, aduḃairt sé. A ḋuine, aṫá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus nuair a ċonnaic seisean a gcreideaṁ, duḃairt sé: A ḋuine, tá do ṗeacaiḋe maiṫte duit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus nuair a ċonaic sé an creideaṁ a ḃí acu, duḃairt sé: A ḋuine, maiṫtear do ṗeacaí ḋuit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus ar ḃfaicsin a gcreidiṁ ḋósan, a duḃairt sé ris, A ḋuine, a táid do ṗeacuiḋ ar na maiṫleaṁ ḋuit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 5:20
16 Iomraidhean Croise  

Agus féaċ, tugaḋ ċuige fear pairiliseaċ, agus é ’n‐a luiġe ar leabaiḋ: agus nuair ṫug Íosa fá ndeara an creideaṁ do ḃí aca, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A Ṁic, bíoḋ meisneaċ agat; atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.


Cia aca is fusa a ráḋ, Atá do ṗeaċaiḋe maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Éiriġ, agus siuḃail?


Agus nuair do ċonnaic Íosa a gcreideaṁ, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A ṁic, atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.


Agus aduḃairt sé léi‐se, Atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.


agus nár ṫeastuiġ uaiḋ teist ar an duine d’ḟáġáil ó aoinneaċ; óir do b’eol dó féin créad do ḃí sa duine.


I n‐a ḋiaiḋ sin fuair Íosa sa teampall é, agus aduḃairt sé leis, Féaċ, atáir slán anois: ná déan peacaḋ feasta, ar eagla go dtuitfiḋ niḋ ba ṁeasa ort.


agus nuair ṫáinig seisean, agus nuair do ċonnaic sé grása Dé, ḃí áṫas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoiḋfidís le díoġrais croiḋe do’n Tiġearna:


Do ḃí an duine seo ag éisteaċt le Pól ag cainnt: agus nuair do ḋearc seisean go grinn air, agus ṫug sé fá deara go raiḃ creideaṁ ċum a ṡlánuiġṫe aige,


Cibé duine go dtugann siḃ maiṫeaṁnas dó, do‐ḃeirim‐se maiṫeaṁnas dó, leis, mar, má tá rud ar biṫ maiṫte agam, is ar ḃur son‐sa atá sé maiṫte agam i láṫair Ċríost;


ag foiḋneaṁ le ċéile, agus ag maiṫeaṁ d’á ċéile, má ḃíonn cúis ar biṫ ag aoinneaċ ar ḋuine eile; fá mar ṫug Críost maiṫeaṁnas daoiḃ‐se,


Aċt déarfaiḋ duine éigin, Atá creideaṁ agat‐sa, agus atá gníoṁarṫa agam‐sa: taisbeán do ċreideaṁ ḋom i n‐éagmais do ġníoṁarṫa, agus taisbeánfad‐sa mo ċreideaṁ ḋuit‐se lem’ ġníoṁarṫáiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan