Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 4:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus aduḃairt an diaḃal leis, Do‐ḃéarfad duit‐se an ċuṁaċt uile sin, agus a mórḋaċt: óir tugaḋ daṁ‐sa é; agus tig liom a ḃronnaḋ ar an té is roġa liom.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Agus duḃairt sé leis: Ḃéarfaiḋ mé an ċuṁaċt seo uilig duit, agus a nglóir, óir tugaḋ daṁ-sa iad, agus ḃeirim iad do mo roġa duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus duḃairt sé leis: Taḃarfad-sa ḋuit-se na cóṁaċta san uile go léir, agus a ngradam, óir do tugaḋ dom iad, agus tugaim iad do m’roġa duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a duḃairt an diaḃal ris, Do ḃéara misi na cuṁaċda so uile ḋuit, agus a nglóir: óir do tugaḋ ḋamṡsa í; agus do ḃeirim í don tí as toil leam.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 4:6
15 Iomraidhean Croise  

D’á ḃriġ sin, má aḋrann tú róṁam‐sa, is leat‐sa an t‐iomlán.


Anois atá breiṫeaṁnas an tsaoġail seo ann; anois atá prionnsa an tsaoġail seo le ruagaḋ.


Ní laḃarfad mórán eile liḃ, óir atá prionnsa an tsaoġail seo ag teaċt: agus ní ḟuil baint ar biṫ aige liom‐sa;


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


Agus ní h‐aon iongnaḋ é sin; mar ċuireann Sátan féin cló aingil solais air féin.


’n‐a raiḃ siḃ ag siuḃal roiṁ ré do réir cúrsa an tsaoġail seo, do réir prionnsa cuṁaċta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easuṁlaċta.


Óir, Atá an uile ḟeoil mar an ḃféar, Agus atá a scéiṁ uile mar ḃláṫ an ḟéir. Feoġann an féar, agus tuiteann a ḃláṫ;


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus an t‐ainṁiḋe do ċonnacas, do ḃí sé cosṁail le liobard, agus ḃí a ċosa cosṁail le cosaiḃ maṫġaṁna, agus ḃí a ḃéal cosṁail le béal leoṁain: agus ṫug an dragún a neart, agus a árd‐ċaṫaoir, agus cuṁaċt ṁór dó.


Agus tugaḋ de ċead dó cogaḋ do ċur ar na naoṁaiḃ, agus buaiḋ do ḃreiṫ orṫa: agus tugaḋ cuṁaċt dó os cionn gaċ treiḃe, agus pobail, agus teangan, agus ciniḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan