Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 4:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus ṫáinig deaṁain as mórán, leis, ag liuġraiġ ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Is tusa Mac Dé. Aċt do smaċtuiġ sé iad, agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir do b’eol dóiḃ gurḃ é an Criost é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Agus d’imṫiġeaḋ deaṁain amaċ as mórán agus iad ag scairtiġ agus ag ráḋ: Is tú Mac Dé; agus ḃagraḋ sé orṫa agus ní leigeaḋ sé dóiḃ laḃairt, óir ḃí a ḟios acu ġurḃ eisean an Críost.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus nuair a ḃíoḋ na deaṁain ag imṫeaċt amaċ as a lán daoine ḃídís ag liúiriġ, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smaċtuiġeaḋ sé iad agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir d’aiṫniġdís gur ḃ’é Críost e.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus fós do imṫiġid ís na deaṁain as mórán, ag éiġṁe, agus ag ráḋ, Is tusa Críod Mac Dé. Aċd dá nimḋeargaḋ ḋósan ní léiġeaḋ sé ḋóiḃ a ráḋ: go raiḃ a ḟios aca gur ḃé féin Críosd.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 4:41
14 Iomraidhean Croise  

Aċt d’ḟan Íosa ’n‐a ṫost. Agus aduḃairt an t‐árd‐ṡagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé ḃí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.


Agus ṫáinig an t‐aiḋḃeirseoir, agus aduḃairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduiġ arán do ḋéanaṁ de na cloċaiḃ seo.


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, tugaḋ ċuige a lán daoine i n‐a raiḃ deaṁain: agus do ċaiṫ sé amaċ na spioraide le n‐a ḟocal, agus do leiġeas sé na daoine do ḃí breoite:


Agus, féaċ, do ġlaoḋadar amaċ agus aduḃradar, Cad é an ḃaint atá againn leat‐sa, a Ṁic Dé? an ċum sinn do ċiapaḋ roiṁ an aimsir ṫáinig tú?


Agus aduḃairt Íosa leis, Taḃair aire gan innsint d’aoinneaċ faoi; aċt imṫiġ, taisbeán ṫú féin do’n tsagart, agus déan an íoḋbairt d’órduiġ Maois, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.


Agus do ḃagair Íosa air agus aduḃairt, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as.


Agus, tar éis dul faoi do’n ġréin, tráṫnóna, ṫugadar ċuige na daoine ar a raiḃ easláinte, agus iad‐san ’n‐a raiḃ deaṁain.


Agus do leiġeas sé a lán daoine ar a raiḃ galair ilġnéiṫeaċa, agus do ċaiṫ sé amaċ a lán deaṁan; agus níor ċeaduiġ sé do na deaṁanaiḃ laḃairt, mar d’aiṫniġeadar é.


Agus nuair do‐ċíoḋ na spioraide neaṁ‐glana é, do ṡléaċtaidír dó, agus do ġlaoḋaidís amaċ agus adeiridís, Is tusa Mac Dé.


Agus do ṡeas sé os a cionn, agus do smaċtuiġ sé an fiaḃras; agus d’imṫiġ sé ḋí: agus d’éiriġ sí ar an láṫair, agus do‐rinne sí frioṫáileaṁ orṫa.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


Creideann tusa naċ ḃfuil aċt aon Dia aṁáin ann; is maiṫ do‐ġní tú; creideann na deaṁain féin é, leis, agus bíonn baill‐ċriṫ orṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan