Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 4:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Tá Spiorad an Tiġearna orm, agus dá ḃríġ sin rinne sé mé d’ungaḋ, agus ċuir sé mé ċun an soiscéal a ṡeanmóir do na boċta, luċt an ċroiḋe ḃrúiġte a leiġeas,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Tá Spioraid an Tiġearna orm, agus d’á ḃríġ sin d’ong sé me, ċun soisgéil do ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ, do ċuir sé uaiḋ mé ċun luċt an ċroiḋe ḃrúiġte do leiġeas,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Ta Spíorad an Tíġearna oramsa, tré gur ong sé mé do ċuir sé úaḋ mé do ṡeanmóir an tsoisgél do na boċdoiḃ, do ṡlánuġaḋ na ndáoine agá ḃfuilid croiḋṫe brúiḋte, do ṡeanmóir fúasgalta do na braiġdiḃ agus do da dalluiḃ aisioc a raḋairc, agus do taḃairt sáoirsi don ṁuinntir a tá ar na gcombrúġaġ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 4:18
56 Iomraidhean Croise  

atá raḋarc ag dallaiḃ, agus siuḃlann bacaiġ, glantar na loḃair, agus atá éisteaċt ag boḋránaiḃ, aiṫḃeoḋtar na mairḃ, agus atá an soiscéal d’á innsint do na boċtaiḃ.


Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ atá toġṫa agam; An té is ionṁain liom ’n‐a ḃfuil aoiḃneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróċaiḋ Sé breiṫeaṁnas do na Geintiḃ.


Ní ḃrisfiḋ sé an ġiolcaċ ḃrúiġte, Agus ní ṁúċfaiḋ sé an líon atá ag cur deataiġ. Nó go dtugaiḋ sé breiṫeaṁnas ċum buaḋa.


An pobal do ḃí suiḋte i ndorċadas, do ċonnaic sé solas mór; Agus orṫa‐san do ḃí suiḋte i gcríċ scáile an ḃáis D’éiriġ an solas.


Is aoiḃinn d’á ḃfuil boċt ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Agus tugaḋ ḋó leaḃar Ésáias, fáiḋ. Agus d’ḟoscail sé an leaḃar, agus fuair sé an áit ’n‐a ḃfuil scríoḃṫa,


Annsin, ag taḃairt súl ar a ḋeisceablaiḃ dó, aduḃairt sé, Is aoiḃinn daoiḃ‐se atá boċt: oir is liḃ ríoġaċt Dé.


Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, Téiġiḋ, agus innisiḋ d’Eoin gaċ a bfacaḃar agus a gcualaḃar; do‐ġeiḃ na daill a raḋarc; siuḃlann na bacaiġ, glantar na loḃair, cluineann na boḋair, aiséiriġeann na mairḃ, craoḃscaoiltear an soiscéal do na boċtaiḃ.


Fuair seisean ar dtús a ḋearḃráṫair féin, Síomón, agus aduḃairt sé leis, Fuaramar an Messias (is é sin le ráḋ, an Críost).


Ṫáinig mé mar ṡolas ar an saoġal, ionnas cibé ċreideas ionnam, naċ ḃfanfaḋ sé sa dorċaċt.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


Do ġléas riġṫe an doṁain iad féin. Agus do ċruinniġ na riaġlóirí le ċéile, I gcoinniḃ an Tiġearna, agus i gcoinniḃ a Ungṫaiġ:


óir is dearḃ gur ċruinniġ le ċéile san gcaṫair seo, Ioruaṫ agus Point Píoláid, maille leis na Geintiḃ agus le treaḃaiḃ Israel, i n‐aġaiḋ do Ṡeirḃísiġ naoṁṫa Íosa,


D’ḟuascail sé ó ċuṁaċt an dorċadáis sinn, agus d’aistriġ sé go ríoġaċt a Ṁic ionṁain féin sinn;


Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?


Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan