Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 4:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus ḃíoḋ sé ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus na daoine go léir g‐á ṁolaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus ḃí sé ag taḃairt teagaisc ina sineagóga, agus gaċ aoinneaċ ġá ṁolaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus ḃíoḋ sé ag teagasg ins na sinagógaiḃ agus iad go léir ’ġá ṁolaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus do ṫeaguisg sé ann a síonagógaiḃ súd, ag faġáil glóire ó gaċ uile ḋuine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 4:15
10 Iomraidhean Croise  

Agus ag teaċt isteaċ ’n‐a ḋúṫaiġ féin dó, ṫug sé teagasc dóiḃ ’n‐a sionagóig, i dtreo go raiḃ iongnaḋ orṫa, agus go nduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an eagna, agus na cuṁaċta móra so.


Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus do ġluais Íosa ṫart timċeall ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas gaċ uile ṡóirt galair agus breoiteaċta.


Agus nuair do ċonnaic na sluaiġte sin, ṫáinig eagla orṫa, agus ṫugadar glóir do Ḋia, ṫug a leiṫéid sin de ċuṁaċt do ḋaoiniḃ.


Agus ṫáinig uaṫḃás orṫa uile agus d’ḟiafruiġeadar díoḃ féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smaċt go h‐uġdarásaċ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana féin, agus géilleann siad dó.


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i n‐a sionagógaiḃ ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caiṫeaṁ deaṁan amaċ.


Aċt d’imṫiġ seisean amaċ, agus do ṫosnuiġ sé ar an scéal d’innsint agus do ċraoḃscaoileaḋ go foirleaṫan, i dtreo nár ḟéad Íosa dul isteaċ go poibliḋe i gcaṫair, aċt gur ḟan sé amuiġ i n‐áiteannaiḃ fásaṁla: agus ṫáinig na daoine ċuige as gaċ áird.


Agus do ḃí sé ag teagasc i sionagóig áiriṫe, lá na sabóide.


Agus ṫáinig sé go Nasair, mar ar h‐oileaḋ é, agus do ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabóide, isteaċ sa tsionagóig, agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ ċum léiġṫeoireaċt do ḋéanaṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan