Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 4:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus d’ḟill Íosa, lán de’n Spiorad Naoṁ, ar ais ó Iórnán, agus do ṫreornuiġ an Spiorad sa ḃfásaċ é,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṗill Íosa ó’n Iordáin, agus é lán de’n Spiorad Naoṁ, agus ṫreoruiġ an Spiorad isteaċ san ḟásaċ é,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus ḃí Íosa lán de’n Spioraid Naoṁ, agus ṫáinig sé ṫar n-ais ó’n Iórdan, agus do ṡeól an Spioraid isteaċ sa ḃfásaċ é,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus ar mbeiṫ Diosa lán don Spiorad Náoṁ, do ḟill sé tar a ais ó Iórdan, agus do tréorniġeaḋ leis an Spioruid ar an ḃfásaċ é,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 4:1
19 Iomraidhean Croise  

Agus ar mbeiṫ d’Íosa baistṫe, do ċuaiḋ sé suas as an uisce ar an láṫair: agus, féaċ, do fosclaḋ na flaiṫis dó, agus do ċonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i rioċt cuilm, agus ag teaċt anuas air:


Agus ṫáinig sé tríd an Spiorad isteaċ sa teampall: agus nuair ṫug an t‐aṫair agus an ṁáṫair an leanḃ Íosa isteaċ, ċum go ndéanfaidís ’n‐a ṫaoḃ de réir gnáṫ‐nóis na dliġe,


Agus ṫáinig sé isteaċ sa gceanntar i dtimċeall Iornán, ag fógairt baistiḋ na h‐aiṫriġe ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ;


mic Enós, mic Ṡét, mic Áḋaiṁ, mic Dé.


Agus ṫáinig Íosa ar ais, i gcuṁaċt an Spioraid, do’n Ġalilé: agus do leaṫ a ċlú ar fud na tíre uile sin, má gcuaird.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Agus ṫug Eoin fiaḋnaise, g‐á ráḋ, Do ċonnacas an Spiorad ag teaċt ó neaṁ anuas i rioċt cuilm; agus d’ḟan sé air.


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


go dtí an lá ’n‐ar tógaḋ suas é, tar a éis dó aiṫeanta do ṫaḃairt tríd an Spiorad Naoṁ do na h‐abstalaiḃ do ṫoġ sé;


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


Agus nuair ṫángadar aníos as an uisce, d’ḟuaduiġ Spiorad an Tiġearna Pilib; agus ní ḟaca an coillteánaċ as sin amaċ é, óir d’imṫiġ sé ar a ḃóṫar agus árd‐áṫas air.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan