Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 3:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Taḃraiḋ uaiḃ, d’á ḃriġ sin, torṫaí oireas do ḃúr n‐aiṫriġe, agus ná tosnuiġiḋ ar a ráḋ liḃ féin, Atá Abraċam ’n‐a aṫair againn: óir adeirim liḃ, gur féidir le Dia slioċt d’Abraċam do ṫógáil ó na cloċaiḃ sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Taḃairigiḋ uaiḃ, dá ḃriġ sin, an toraḋ is dual do’n aiṫriġe, agus ná toisiġigiḋ a ráḋ: Tá Abraham ina aṫair againn. Óir deirim liḃ go dtig le Dia clann a ṫógáil do Abraham as na cloċa sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Tugaiḋ uaiḃ, d’á ḃríġ sin, toraḋ a ḃeiḋ ċóṁ maiṫ leis an aiṫriġe, agus ná cromaiḋ ar a ráḋ: Tá Ábraham i n’aṫair againn. Deirim liḃ go ḃféadfaḋ Dia slioċt do ṫógaint ċun Ábrahaim ó-s na cloċaiḃ sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Ar a naḋḃarsin taḃraiḋ tórrṫa ḃus iomċuḃaiḋ don naiṫriġe úaiḃ, agus ná tionsgnaiḋ a ráḋ ionnaiḃ féin, A tá Abraham na aṫair aguinn: oír a deirimsi riḃ, Gur ab éidir lé Dia clann do ḋúsaċd as na cloċmiḃse féin D'abraham.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 3:8
29 Iomraidhean Croise  

Ar an aḋḃar sin adeirim liḃ, Tógfar ríoġaċt Dé uaiḃ‐se, agus do‐ḃéarfar í do ċineaḋ ḃéarfas a torṫa.


Ar an aḋḃar sin, taḃraiḋ toraḋ uaiḃ ḃéas de réir na h‐aiṫriġe;


agus ná h‐abraiḋ ’n‐ḃúr n‐aigne: Atá Abraċam ’n‐a aṫair againn: óir adeirim liḃ gur féidir le Dia clann do ṫógáil d’Abraċam de na cloċaiḃ seo.


Ċóṁ luaṫ agus ḃéas fear an tiġe éiriġṫe, agus doras an tiġe dúnta aige, agus ṫosnuiġeas siḃ‐se ar ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ amuiġ, agus ar an doras do ḃualaḋ, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, foscail dúinn; agus freagróċaiḋ seisean agus adéarfaiḋ sé liḃ, Ní ḟuil a ḟios again cad as daoiḃ‐se;


annsin tosnóċaiḋ siḃ‐se ar a ráḋ, D’iṫeamar agus d’ólamar id’ ḟoċair, agus do‐rinnis‐se teagasc ’n‐ár sráidiḃ;


agus go dtiocfaḋ an té ṫug cuireaḋ ḋuit‐se, agus dó‐san, agus go n‐abróċaḋ sé leat, Taḃair an áit seo do’n duine so; agus annsin go gcaiṫfeá dul san áit is ísle, agus náire ort.


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, Adeirim liḃ, má éisteann siad‐san a mbéal, go nglaoḋfaiḋ na cloċa féin amaċ.


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá slánú tagṫa ċum an tiġe seo indiu, óir is mac le Abraċam é seo, leis.


Agus do ṫosnuiġ na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ ar ċeasnú, agus iad g‐á ráḋ, Cia h‐é seo atá ag laḃairt dia‐ṁasla? Cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ, aċt Dia aṁáin?


D’ḟreagradar é, De ṡíol Abraċaim sinne, agus ní raḃamar riaṁ ’n‐ár seirḃiseaċaiḃ ag aon duine: cionnas adeirir‐se, Saorfar siḃ?


D’ḟreagradar‐san agus aduḃradar leis, Is é Abraċam ár nAṫair‐ne. Aduḃairt Íosa leo, Dá mba ċlann d’Abraċam siḃ, do‐ġéanaḋ siḃ oibreaċa Abraċaim.


aċt do ċraoḃscaoileas do ṁuinntir Ḋamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúiṫċe Iúdaea, agus do na Cineaḋaċaiḃ, go ndéanfaidís aiṫriġe agus go n‐iompóċaidís ċum Dé, ag déanaṁ gníoṁarṫa de réir na h‐aiṫriġe.


D’á ḃriġ sin is ó ċreideaṁ atá an oiḋreaċt, ċum go mbéaḋ sí do réir grása: ċum go mbéaḋ an geallaṁain diongḃálta do’n tslioċt uile: ní h‐é aṁáin do na daoiniḃ atá fá’n dliġe, aċt do’n dream sin, leis, go ḃfuil an creideaṁ céadna aca agus ḃí ag Abraċam, atá ’n‐a aṫair againn go léir,


agus ní h‐i dtaoḃ gur daoine de ṡlioċt Abraċaim iad gur daoine d’á ċloinn iad go léir: aċt, I nÍosóg ainmneoċar slioċt duit.


líonta de ṫoraḋ na fíréantaċta, ċum glóire agus aḋṁolta Dé.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan