Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 24:39 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Féaċaiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mise atá ann: cuiriḋ ḃúr láṁa orm, agus féaċaiḋ; óir ní ḟuil feoil agus cnáṁa ag spioraid, mar do‐ċí siḃ a ḃeiṫ agam‐sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Feicigiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mise féin atá ann; moṫuiġigiḋ agus feicigiḋ, óir ní ḃíonn feoil agus cnáṁa ag spiorad, mar atċí siḃ agam-sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Féaċaiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mé féin atá ann; cuiriḋ ḃúr láṁa orm agus feiciḋ; ní’l feóil agus cnáṁa ag spioraid mar a ċíonn siḃ atá agam-sa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Feuċaiḋ mó láṁa agus mó ċosa, óir is misi féin atá ann: glacaiḋ, agus féuċaiḋ mé; oír ní ḃfuil féoil na cnáṁa ag spioruid, mar do ċiṫi agamsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 24:39
12 Iomraidhean Croise  

Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim m’anam i leiṫ do láṁ‐sa; agus ag ráḋ na ḃfocal sin dó, do scar a anam leis.


Agus aduḃairt seisean leo, Cad ċuige a ḃfuil buaiḋirt oraiḃ? agus cad ċuige a ḃfuil ceisteanna ag éirġe i n‐ḃúr gcroiḋe?


Agus nuair aduḃairt sé an méid sin, do ṫaisbeán sé a láṁa agus a ċosa ḋóiḃ.


Agus nuair aduḃairt sé sin, do noċt sé ḋóiḃ a láṁa agus a ṫaoḃ. Agus ba ṁór an t‐áṫas do ḃí ar na deisceablaiḃ, nuair ċonnacadar an Tiġearna.


Agus aduḃairt na deisceabail eile leis, Do ċonnacamar an Tiġearna. Aċt aduḃairt seisean leo, Muna ḃfeicim ’n‐a láṁaiḃ rian na dtairngní, agus muna gcuirim mo ṁéar isteaċ i n‐ionad na dtairngní, agus muna gcuirim mo láṁ isteaċ ’n‐a ṫaoḃ, ní ċreidfead.


Aduḃairt sé annsin le Tomás, Cuir do ṁéar annso, agus féaċ mo láṁa; agus sín annso do láṁ, agus cuir isteaċ im’ ṫaoḃ í: agus ná bí díċreidṁeaċ, aċt bí creidṁeaċ.


d’ar ṫaisbeán sé é féin beo i ndiaiḋ a ṗáise, le n‐a lán deiṁniú, d’á ṫaiḋḃsiú féin dóiḃ i gcaiṫeaṁ dá ḟiċid lá, agus ag laḃairt ar na neiṫiḃ do ḃain le ríoġaċt Dé:


Agus go naoṁuiġiḋ Dia na síoṫċána féin go h‐iomlán siḃ; agus go gcoiṁeádtar siḃ idir spiorad agus anam agus corp slán ó ċionnta go dtí teaċt ár dTiġearna Íosa Críost.


Ṫairis sin, do ḃí aiṫreaċa do réir na feola againn ċum ár smaċtuiġṫe, agus ṫugamar urraim dóiḃ: naċ mó go mór an urraim do‐ḃéarfaimíd dár nAṫair spioradálta ċum beaṫa d’ḟáġáil?


Is é do ḃí ann ó ṫús, do ċualamar, do ċonnaic ár súile féin, ar ar ḋearcamar, agus do láiṁsiġ ár láṁa,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan