Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 24:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus aduḃairt sé leo, A ḋaoine díċéilliḋe, dúr‐ċroiḋeaċa ċum gaċ a nduḃairt na fáiḋe do ċreideaṁain!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus duḃairt seisean leo: A ḋaoine gan ċéill agus a luċt ar mall an croiḋe ionnaiḃ ċun creidḃeáil i ngaċ níḋ dár laḃair na fáiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus duḃairt sé féin leó: Ó, a ḋaoine dalla dúr-ċroíḋeaċa ċun gaċ níḋ aduḃairt na fáiḋe do ċreideaṁaint.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus a duḃairt seision riu, O a ḋaoine amadánaċ agus mallċroiḋṫeaċ ċum creidṁe dá gaċ éinni dar laḃradar na fáiġe!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 24:25
9 Iomraidhean Croise  

Atá Mac an Duine ag imṫeaċt, fá mar atá scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ: aċt monuar do’n ḟear sin tré n‐a mbraiṫtear Mac an Duine! do b’ḟearr‐de an fear sin dá mba naċ rugaḋ é ariaṁ.


Fá ḋeireaḋ, do ṫaisbeán sé é féin do’n ao n ḟear déag ar fad, agus iad ’n‐a suiḋe ag caiṫeaṁ biḋ; agus do ċas sé leo a míċreideaṁ agus a ndúire croiḋe, de ḃriġ nár ċreideadar na daoine do ċonnaic é iar h‐éirġe ḋó.


Agus aduḃairt sé leo, An ḃfuil siḃ‐se, leis, gan tuigsin, mar sin? Naċ dtuigeann siḃ, cibé niḋ ṫéiġeas isteaċ sa duine ó’n taoḃ amuiġ, naċ ḃféadann sé a ṡalú;


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, A ṡlioċt gan ċreideaṁ, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ? cá ḟad ḟuilingeoċas mé liḃ? taḃraiḋ ċugam‐sa é.


Agus do ċuaiḋ roinnt díoḃ‐san do ḃí n‐ár ḃfoċair go dtí an tuama, agus fuaradar mar aduḃairt na mná: aċt ní ḟacadar é féin.


Cuarduiġeann siḃ na scrioptúirí, óir measann siḃ gur ab ionnta atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe agaiḃ; agus is iad sin do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa;


Óir ar dtús ṫugas daoiḃ, mar fuaras é, go ḃfuair Críost bás i n‐éiric ár bpeacaiḋe, de réir na scrioptúir:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan