Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 23:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair do ṫuig sé gur le líomatáiste Ioruaiṫ do ḃain sé, do ċuir sé ċum Ioruaiṫ é, mar ḃí sé féin i nIarúsalem le n‐a linn sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus nuair a ṫuig sé gur faoi ċuṁaċt Ioruaiḋ a ḃí sé, ċuir sé ċuig Ioruaḋ é; agus ḃí seisean fosta i n-Ierusalem na laeṫe sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus nuair a ṫuig sé gur le cóṁaċt Héróid a ḃain sé, ċuir sé ag triall ar Héród é, mar ḃí Héród i n-Ierúsalem na laeṫanta san.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus an tan daiṫin sé gur ab fá ṫuṁaċduiḃ Iornáṫ do ḃí sé, do ċuir sé ar ais é ċum Iorúaiḋ, do ḃí Níarusalém ann sna láeṫiḃ sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 23:7
9 Iomraidhean Croise  

Ins an am sin do‐ċuala Ioruaṫ, an téatrarc, an t‐iomráḋ ar Íosa,


Óir do rug Ioruaṫ ar Eoin, agus do ċeangail sé é, agus do ċuir sé i bpríosún é mar ġeall ar Héródias, bean Ṗilib a ḋearḃráṫair.


Aċt nuair ṫáinig lá beirṫe Ioruaiṫ, do‐rinne inġean Neródias daṁsa, ’n‐a láṫair, agus do ṫaiṫin sí le h‐Ioruaṫ.


Agus do‐ċuala Ioruaṫ an rí ’n‐a ṫaoḃ sin; óir do ḃí a ainm d’á luaḋ: agus aduḃairt sé, Atá Eoin Baiste éiriġṫe ó na marḃaiḃ, agus, d’á ḃriġ sin, atá na cuṁaċta so ag oibriú ann.


An lá céadna sin ṫáinig cuid de na Fairisíneaċaiḃ, g‐á ráḋ leis, Imṫiġ agus fág an áit seo; óir atá Ioruaṫ ar tí do ṁarḃṫa.


Aċt nuair do‐ċuala Píoláid sin, d’ḟiafruiġ sé ar Ġaliléaċ an fear.


Agus sa gcúigeaḋ bliaḋain déag de réimeas Ṫiberius Céasar, an tráṫ ’n‐a raiḃ Point Píoláid ’n‐a ċeannṗort ar lúdaea, agus Ioruaṫ ’n‐a ṫetrarċa ar an nGaililé, agus Pilib a ḋearḃráṫair ’n‐a ṫetrarċa ar Itúraea agus ar Ṫraċónítis, agus Lusanias ’n‐a ṫetrarċa ar Abiléne,


Agus do‐ċuala Ioruaṫ an tetraċa i dtaoḃ gaċ niḋ do ḃí d’á ḋéanaṁ: agus do ḃí mearḃall mór air, mar do ḃí dream g‐á ráḋ gurḃ é Eoin d’éiriġ ó na marḃaiḃ;


óir is dearḃ gur ċruinniġ le ċéile san gcaṫair seo, Ioruaṫ agus Point Píoláid, maille leis na Geintiḃ agus le treaḃaiḃ Israel, i n‐aġaiḋ do Ṡeirḃísiġ naoṁṫa Íosa,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan