Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 23:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus duḃirt Íosa: A Aṫair, maiṫ dóiḃ; óir ní ḟuil a ḟios acu cad é tá dá ḋéanaṁ acu. Agus ag roinn a ċuid éadaiġ eatorṫa dóiḃ, ċaiṫ siad crainn orṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus duḃairt Íosa: A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní fios dóiḃ cad ’tá acu ’á ḋéanaṁ. Agus do rainneadar a ḃaill éadaiġ, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus a duḃairt Iósa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ; óir ní ḃfuil a ḟios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduiġsion, do ṫeilgeadar crannċar orṫu.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 23:34
26 Iomraidhean Croise  

Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad:


is eaḋ, a Aṫair, mar ba é sin do ḋeaġ‐ṫoilse.


aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ;


Agus do ċéasadar é, agus do roinneadar a ċuid éadaiġe, ’g‐a gcur ar ċrannaiḃ, d’ḟéaċain créad do ḃéaḋ ag gaċ duine aca.


g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: aċt ċeana, nárab é mo ṫoil‐se aċt do ṫoil‐se do‐ġéantar.


Is orṫa‐san ġuiḋim: ní h‐ar an saoġal ġuiḋim, aċt orṫa‐san ṫugais dom; óir is leat‐sa iad:


D’ḟreagair Íosa ḋó, Ní ḃéaḋ aon ċumas agat im’ aġaiḋ muna dtugtaiḋe ḋuit é ó neaṁ anuas: uime sin, an té ṫug ar láiṁ duit mé, is móide a ṗeacaḋ é.


Aċt do ġlaoḋ Pól de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Ná déan aon díoġḃáil ort féin: atáimíd uile annso.


Agus anois, a ḃráiṫreaċa, atá a ḟios agam gur tré aineolas do‐rinneaḃar é, fá mar rinne ḃúr n‐uaċtaráin.


Agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Ṫiġearna, ná cuir an peacaḋ so ’n‐a leiṫ. Agus, ar n‐a ráḋ sin dó, do ṫuit a ċodlaḋ air. Agus do ḃí Saul ag aontú le n‐a ḃás.


Taḃraiḋ beannaċt do na daoiniḃ do‐ġní géirleanṁain oraiḃ; taḃraiḋ beannaċt agus ná taḃraiḋ mallaċt.


eagna naċ raiḃ eolas ag luċt ceannais an tsaoġail seo uirṫi, óir dá mbéaḋ eolas aca uirṫi, ní ċéasfaidís Tiġearna ná glóire:


bímíd ag obair go dian le n‐ár láṁaiḃ féin: nuair masluiġtear sinn, do‐ḃeirimíd beannaċt; nuair do‐ġnítear géirleanṁain orainn, fulaingmíd leis;


giḋ go raḃas roiṁe sin im’ ḋia‐ṁasluiġṫeoir, agus im’ inġreimṫeaċ, agus im’ scriosaire; aċt fuaras trócaire, toisc gur tré ainḃfios agus tré ṁí‐ċreideaṁ do rinneas é,


gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan