Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 23:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus nuair do ṡroiċeadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do ċéasadar annsin é, agus na cuirpṫiġ, duine aca ar a láiṁ ḋeis, agus an duine eile ar a láiṁ ċlé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Agus nuair a ṫáinic siad go dtí an áit, dá ngoirtear Calḃaire, ċéas siad annsin é féin agus na gadaiḋṫe, duine ar a ḋeis, agus an duine eile ar a ċlí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus nuair a ḃíodar tagaiṫe ċun na h-áite ar a dtugtar Áit an ċloiginn do ċéasadar ansan é, agus an ḃeirt ḃiṫeaṁnaċ, duine, acu ar a láiṁ ḋeis agus an duine eile ar a láiṁ ċlé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirṫear Ait na cloigne, do ċroċadar ann sin é féin, agus na meirliġ, fear air a ḋeis, agus fear eile air a láiṁ ċlé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 23:33
19 Iomraidhean Croise  

agus do‐ḃéarfaid do na Geintiḃ é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasaḋ: agus, an treas lá éireoċaiḋ sé arís.


Atá a ḟios agaiḃ go mbéiḋ an ċáisc ann tar éis dá lá, agus go dtaḃarfar Mac an Duine suas d’á ċéasaḋ.


gurḃ éigean go dtiuḃarṫaiḋe Mac an Duine ar láiṁ do na peacaċaiḃ, agus a ċéasaḋ, agus a aiséirġe an treas lá.


Ní dlistineaċ dúinne aon duine do ċur ċum báis: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt Íosa, g‐á ċur i n‐uṁail cia an saġas báis do ḃí i ndán dó.


Agus fá mar árduiġ Maois an naṫair niṁe sa ḃfásaċ, caiṫfear Mac an Duine d’árdú ar an gcuma ċéadna:


Agus nuair do ḃí gaċ niḋ do scríoḃaḋ ’n‐a ṫaoḃ cóiṁlíonta aca, do ṫógadar anuas é de’n ċroiċ, agus do ċuireadar i dtuama é.


tugaḋ suas é de réir cóṁairle cinnte agus réiṁ‐eolais Dé, agus do ċroċaḃair‐se agus do ṁarḃaḃar é le láiṁ cuirpṫeaċ:


Do ṫóg Dia ár sinnsear Íosa suas; an té do marḃaḃair‐se g‐á ċroċaḋ ar ċrann.


D’ḟuascail Críost ó ṁallaċt an dliġe sinn, ag déanaṁ mallaċta ḋe féin ar ár son: óir atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine croċtar ar ċrann:


an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan