Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 22:70 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

70 Agus aduḃairt seisean leo, Adeir siḃ é, gur mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

70 Agus duḃairt siad uilig: Mar sin, an tusa Mac Dé? Duḃairt seisean: Deir siḃ-se gur mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

70 Ansan duḃradar go léir: D’á ḃríġ sin an tusa Mac Dé? Agus duḃairt sé: Deirṫí-se gur mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

70 Agus a duḃradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a duḃairt seision riú, A deirṫisi gur ab mé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 22:70
20 Iomraidhean Croise  

Agus d’ḟreagair Iúdás, an fear do ḃraiṫ é, agus aduḃairt, An mise é, a Rabbí? Aduḃairt seisean leis, Aduḃrais é.


Aduḃairt Íosa leis, Aduḃrais é: aċt ċeana adeirim leat, Ċifiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe feasta ar ḋeas‐láiṁ na h‐uile‐ċuṁaċta, agus é ag teaċt ar néalltaiḃ neiṁe.


Agus do ḃí Íosa ’n‐a ṡeasaṁ i láṫair an riaġaltóra: agus d’ḟiafruiġ an riaġaltóir ḋe, g‐á ráḋ, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus aduḃairt Íosa leis, Adeirir é.


Cuireann sé a ṁuiniġin as Dia; saoraḋ Sé anois é, má’s áil leis é, óir aduḃairt sé, Is mé Mac Dé.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


agus, féaċ, guṫ ó neaṁ, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas.


Agus ṫáinig an t‐aiḋḃeirseoir, agus aduḃairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduiġ arán do ḋéanaṁ de na cloċaiḃ seo.


Agus aduḃairt Íosa, Is mé: agus do‐ċífiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar láiṁ ḋeis na cuṁaċta, agus é ag teaċt le scamallaiḃ neiṁe.


Agus d’ḟiafruiġ Píoláid de, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus d’ḟiafruiġ seisean agus aduḃairt, Adeirir é.


Agus aduḃradar‐san, Créad é an gáḃaḋ atá againn le tuilleaḋ fiaḋnaise? óir do‐ċualamar féin é, as a ḃéal féin.


Agus d’ḟiafruiġ Píoláid de, g‐á ráḋ, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt, Adeirir é.


Agus ṫáinig deaṁain as mórán, leis, ag liuġraiġ ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Is tusa Mac Dé. Aċt do smaċtuiġ sé iad, agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir do b’eol dóiḃ gurḃ é an Criost é.


Agus do ċonnacas, agus ṫugas fiaḋnaise gur ab é Mac Dé é seo.


D’ḟreagair Natanaél agus aduḃairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


Is aon mise agus an t‐Aṫair.


an té do ċoisric an t‐Aṫair agus do ċuir sé uaiḋ ar an saoġal, an n‐abrann siḃ‐se leis, Táir ag diaṁaslaḋ; toisc go nduḃras, Is mise Mac Dé?


Annsin aduḃairt Píoláid leis, An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Ċuige sin rugaḋ mé, agus ċuige sin ṫánag ar an saoġal, ċum go dtiuḃrainn fiaḋnaise do’n ḟírinne. Gaċ duine atá ar ṫaoḃ na fírinne, éisteann sé lem ġlór.


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Atá dliġe againn, agus de réir na dliġe sin atá an bás tuillte aige, de ḃriġ go ndearna sé Mac Dé ḋe féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan