Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 22:53 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

53 Nuair do ḃíos gaċ aon lá ’n‐ḃúr measc sa teampall, níor ṡíneaḃar láṁ im’ ċoinniḃ: aċt is liḃ‐se an uain seo, agus cuṁaċt an dorċadais.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

53 Nuair a ḃí mé gaċ lá i ḃur measc san teampall, níor ṡín siḃ láṁ d’ionnsaiḋe orm; aċt is í seo ḃur n-uair-se agus cuṁaċt an dorċadais.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

53 Ḃíos agaiḃ gaċ aon lá sa teampul agus níor ṡíneaḃair láṁ ċúġam; aċ sidé ḃúr dtráṫ, agus cóṁaċt an dorċadais.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

53 An tan do ḃí me gaċ lá agaiḃ sa teampall, níor ṡineaḃair láṁa ḋaṁ: aċd a sí so ḃar nuáirsi, agus cuṁaċda an dorċaduis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 22:53
20 Iomraidhean Croise  

Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa teampall, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail ċuige, agus é ag teagasc, agus aduḃradar, Créad é an t‐uġdarás atá agat‐sa ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cia ṫug an t‐uġdarás sin duit?


Agus aduḃairt Íosa leo‐san ṫáinig ċuige, uaċraráin na sagart, agus maoir an teampaill, agus na seanóirí, An ċum biṫeaṁnaċ d’ionnsaiġe, ṫáinig siḃ amaċ, le claiṁtiḃ agus le bataiḃ?


Agus do ġaḃadar é, agus rugadar leo é, agus ṫugadar isteaċ i dtiġ an árd‐ṡagairt é. Agus do lean Peadar ’n‐a ndiaiḋ i ḃfad siar.


Anois atá buaiḋirt anma orm; agus créad adéarfad? A Aṫair, fuascail mé ó’n uair seo. Aċt ċuige seo is eaḋ ṫáinig mé ċum na h‐uaire seo.


Agus nuair do ġlac seisean an giota aráin d’imṫiġ sé amaċ ar an láṫair: agus ḃí an oiḋċe ann.


Ní laḃarfad mórán eile liḃ, óir atá prionnsa an tsaoġail seo ag teaċt: agus ní ḟuil baint ar biṫ aige liom‐sa;


Annsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: aċt níor ċuir aon duine láṁ ann, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


Annsin ṫáinig na maoir ċum uaċtarán na sagart agus ċum na ḃFairisíneaċ, agus d’ḟiafruiġeadarsan díoḃ, Cad ċuige náċ dtugaḃar liḃ é?


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


D’ḟuascail sé ó ċuṁaċt an dorċadáis sinn, agus d’aistriġ sé go ríoġaċt a Ṁic ionṁain féin sinn;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan