Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 22:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus aduḃradar, A Ṫiġearna, féaċ, atá ḋá ċlaiḋeaṁ annso. Agus aduḃairt sé leo, Is leor sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Aċt duḃairt siad-san: A Ṫiġearna, féaċ, tá ḋa ċlaiḋeaṁ annseo. Agus duḃairt seisean leo: Is leor sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus duḃradar-san leis: Féaċ, a Ṫiġearna, ḋá ċlaiḋeaṁ anso. Agus duḃairt sé leó: Ní ḃeag san.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Aċd a duḃradarsan, A Ṫiġearna, féuċ, ḋá ċloiḋeaṁ ann so. Aċd a duḃaier seision ríu, Is lór sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 22:38
9 Iomraidhean Croise  

Agus féaċ, duine ḋíoḃ‐san do ḃí i ḃfoċair Íosa, do ṡín sé amaċ a láṁ, agus do ṫarraing a ċlaiḋeaṁ, agus do ḃuail sé seirḃíseaċ an árd‐ṡagairt, agus do ḃain sé a leaṫ‐ċluas de.


Agus aduḃairt sé leo, Aċt anois, an té ag a ḃfuil sparán beireaḋ sé leis é, agus mála, leis: agus an té naċ ḃfuil claiḋeaṁ aige, díolaḋ sé a ḃrat, agus ceannuiġeaḋ sé ceann.


Agus nuair do ċonnaic siad‐san do ḃí ’n‐a ċuideaċtain créad do ḃí ag teaċt, aduḃradar, A Ṫiġearna, An mbuailfimíd leis an gclaiḋeaṁ?


D’ḟreagair Íosa, Ní de’n tsaoġal so mo ríoġaċt: dá mba de’n tsaoġal so mo ríoġaċt do ṫroidfeaḋ mo ṁuinntear, ċum naċ dtiuḃarṫaí mé ar láiṁ do na h‐Iúdaċaiḃ: aċt anois ní h‐as so dom’ ríoġaċt‐sa.


Aċt sinne, daoine de ċlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireaċ an ċreidiṁ agus an ġráḋa do ċur orainn; agus an dóċas ċum slánuiġṫe ḃeiṫ mar ċlogad orainn.


Seasuiġiḋ ’n‐a aġaiḋ‐sean go daingean, creidṁeaċ, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil an céasaḋ céadna d’á ċur ar ḃur mbráiṫriḃ atá san saoġal.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan