Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 21:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus aduḃairt sé, Taḃraiḋ aire naċ meallfar siḃ: óir tiocfaiḋ mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidṫe linn: ná leanaiḋ iaḋ‐san.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus duḃairt sé: Taḃairigiḋ aire naċ mealltar siḃ; óir tiocfaiḋ mórán i m’ainm-se, ag ráḋ: Is mise é agus tá an t-am ar na gaoḃair: ar an aḋḃar sin, ná leanaigiḋ iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus duḃairt sé: Seaċnaiḋ agus ná mealltar siḃ; óir tiocfaiḋ a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad: Is mise é, agus tá an t-am i ḃfogus: aċ ná leanaiḋ iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Aċd a dúḃairt seision, Féaċaiḋ naċ meallfuiġṫear siḃ: óir tiocfuid mórán am ainmsi, ag ráḋ, Is misi é; agus do ḋruid a naimsir linn: ar a naḋḃarsin ná leanuiḋ íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 21:8
26 Iomraidhean Croise  

Agus éireoċaiḋ mórán fáiḋ bréige, agus meallfaid‐sean a lán.


g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe, óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


As sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar ṡeanmóir, g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe: óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


Agus adéarfaiḋ siad liḃ, Féaċ annsúd í! agus, Féaċ annso í! ná h‐imṫiġiḋ g‐á leanaṁain:


Agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin? agus cad é an cóṁarṫa ḃéas ann go ḃfuil na neiṫe sin ag teaċt ċum críċe?


Agus nuair do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ar ċaismeartaiḃ, ná bíoḋ eagla oraiḃ: óir caiṫfiḋ na neiṫe sin teaċt ar dtús; aċt ní ṫig an deireaḋ de láṫair.


Ṫánag‐sa i n‐ainm m’Aṫar, agus ní ġlacann siḃ mé: má ṫig duine eile ’n‐a ainm féin, glacfaiḋ siḃ eisean.


Ar an aḋḃar sin aduḃairt mé liḃ, go ḃfaiġiḋ siḃ bás ’n‐ḃúr bpeacaiḋiḃ: óir muna gcreideann siḃ gur mise é, ġeoḃaiḋ siḃ bás ’n‐ḃúr bpeacaiḋiḃ.


Uime sin aduḃairt Íosa, Nuair árdócaiḋ siḃ Mac an Duine, béiḋ a ḟios agaiḃ annsin gur mise é, agus naċ ndéanaim éinniḋ uaim féin, aċt gur fá mar ṫeagaisc an t‐Aṫair dom, laḃraim na neiṫe seo.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,


Ná meallaḋ aoinneaċ le baoṫ‐ċainnt siḃ: óir is de ḋeascaiḃ neiṫe d’á leiṫéidiḃ sin atá díḃeirg Dé ag teaċt ar ċlainn na h‐easuṁlaċta.


Ná meallaḋ aoinneaċ ar aon ċuma siḃ; óir ní foláir tréigean an ċreidiṁ do ṫeaċt ar dtús,


Aċt éireoċaiḋ droċ‐ḋaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag meallaḋ agus d’á meallaḋ féin.


A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.


Óir atá a lán mealltóir imṫiġṫe amaċ san tsaoġal, naċ n‐adṁuiġeann Íosa Críost ṫáinig san gcolainn. Atá a leiṫéid seo ’n‐a ṁealltóir agus ’n‐a ainċríost.


Is aoiḃinn do’n té léiġeas agus do’n dream éisteas le ráiḋṫeaċas na tarngaireaċta so, aċt gaċ a ḃfuil scríoḃṫa innti do ċoiṁeád: óir ní fada uainn an t‐am.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan