Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 21:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin? agus cad é an cóṁarṫa ḃéas ann go ḃfuil na neiṫe sin ag teaċt ċum críċe?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus d’ḟiafruiġ siad de, ag ráḋ: A Ṁáiġistir, cá h-uair a ḃéas na neiṫe sin ann, agus cad é ḃéas ina ċóṁarṫa, go mbéiḋ siad ar tí a ṫeaċt?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus ċeistiġeadar é agus duḃradar: A Ṁáiġistir, caṫain a ḃeiḋ san aṁlaiḋ, agus cad é an cóṁarṫa a ḃeiḋ ar na neiṫe sin a ḃeiṫ ag teaċt?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus dfíafruiġeadar ḋe, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, cía a núair ḃéid na neiṫesi? agus créd é an coṁṫarṫa ḃías ann an tan do ḋéantar íad so?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 21:7
13 Iomraidhean Croise  

Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann, ṫáinig na deisceabail ċuige ar leiṫriḋ, g‐á ráḋ. Innis dúinn, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin ċum críċe? agus cad é cóṁarṫa do ṫeaċta, agus deiriḋ an tsaoġail?


Aċt nuair do‐ċífiḋ siḃ úr‐ġráin an léirscriosta ’n‐a seasaṁ san áit naċ dual (an té léiġeas, tuigeaḋ sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teiċidís ċum na gcnoc:


Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní raċaiḋ an díne seo ar ceal, nó go gcóiṁlíontar na neiṫe sin go léir.


aduḃairt sé, Iad so do‐ċí siḃ, féaċ, atá an t‐am ag teaċt, agus ní fágfar cloċ ar muin cloiċe ḋíoḃ naċ leagfar.


Agus aduḃairt sé, Taḃraiḋ aire naċ meallfar siḃ: óir tiocfaiḋ mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidṫe linn: ná leanaiḋ iaḋ‐san.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan