Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 21:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Is mairg dóiḃ‐sean atá torraċ, agus dóiḃ‐sean do‐ḃeir cíoċ, an t‐am sin! óir béiḋ cruaḋtan an‐ṁór ar an dúṫaiġ, agus béiḋ fearg ċum na ndaoine seo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Aċt is mairg do na mná a ḃéas ag iomċar cloinne, agus dóḃṫa-san a ḃeir diúl ins na laeṫe sin; óir béiḋ anróġ mór san tír, agus fearg leis an ṗobal seo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Is léanṁar, áṁṫaċ, do luċt clainne ḋ’iompar agus do luċt banaltranais ins na laeṫanta san, óir beiḋ guais ana-ḋian ar an ndúṫaiġ, agus fearg ċun na ndaoine seo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus buḋ trúaġ do ná mnáiḃ ḃías torraċ, agus ag oileaṁuinn ann sna láeṫiḃ úd! oír bíaiḋ riaċdanas roṁór ann sa dúiṫċe, agus fearg ris an bpobalsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 21:23
18 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt Íosa leo, Do‐ċluinim: nár léiġeaḃar riaṁ, As béal leanḃ agus naoiḋeanán cíċe fuarais molaḋ iomlán?


Adeir siad‐san leis, Scriosfaiḋ sé na cuirpṫiġ sin go millteaċ, agus ḃéarfaiḋ sé an fíonġort ar cíos do scológaiḃ eile, ḃéarfas na torṫa ḋó ’n‐a séasúraiḃ féin.


Agus cibé duine ṫuitfeas ar an gcloiċ seo, brisfear é ’n‐a ḃroscar: aċt cibé duine ar a dtuitfiḋ sí, scriosfaiḋ sí é.


Agus is mairg do na mnáiḃ torrċa, agus dóiḃ‐sean do‐ḃeir cíoċ ins na laeṫiḃ sin!


Agus is mairg do na mnáiḃ torrċa, agus dóiḃ‐sean do‐ḃeir cíoċ ins na laeṫiḃ sin.


Aċt na náiṁde seo agam, nárḃ áil leo mise ḃeiṫ im’ riġ orṫa, taḃraiḋ annso iad, agus cuiriḋ ċum báis os mo ċóṁair iad.


Óir tiocfaiḋ na laeṫe ort, ’n‐a dtógfaiḋ do náiṁde móta id’ ṫimċeall, agus ’n‐a n‐iomṡuiḋfid ṫú, agus ’n‐a gcúṁanglóċaid ort ar gaċ taoiḃ,


Óir, féaċ, atá na laeṫe ag teaċt ’n‐a ndéarfar, Is aoiḃinn dóiḃ‐sean atá aimrid, agus do na bronnaiḃ naċ rug clann, agus do na cíoċaiḃ nár ṫál.


Is é ṁeasaim‐se, mar ġeall ar anró na h‐uaire, go mba ṁaiṫ do’n duine fanaṁain mar tá sé.


’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.


Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia.


Féaċaiḋ i leiṫ, a luċt an tsaiḋḃris, biḋiḋ ag caoineaḋ agus ag olagón fá n‐a ḃfuil de ṫubaiste le teaċt oraiḃ.


Óir atá an t‐am tagṫa ċum tosnuiġṫe ar ḃreiṫeaṁnas ag tiġ Dé: agus má’s againne ṫosnóċas sé ar dtús, créad tá i ndán do na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal Dé?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan