Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 20:47 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 iad‐san ṡloigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ar scáṫ urnaiġṫe fada; is iad ġeoḃas an daoir‐ḃreiṫ is truime.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 A ṡlugas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ar scáṫ urnaiġe ḟada a ḋéanaṁ. Ġeoḃaiḋ siad seo damnuġaḋ níos truime.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Sloigid siad tiġṫe na mbaintreaċ, ’ġá leigint orṫa úrnuiġṫe fada do ráḋ. Isiad a ġeoḃaiḋ an daor-ḃreiṫ is troime.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Noċ ṡluigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, agus sin fós ar sgáṫ ḃeiṫ go fada ag urnuiġe: do ġeaḃuid so an dainnaḋ is truime.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 20:47
23 Iomraidhean Croise  

Aċt is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir dúnann siḃ ríoġaċt na ḃflaiṫeas i n‐éadan na ndaoine: óir ní ṫéiġeann siḃ féin isteaċ, agus ní leigeann siḃ isteaċ iad‐san atá ag iarraiḋ dul isteaċ.


Is mairg daoiḃ‐se, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċraḃaiḋ! óir iṫeann siḃ tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ag déanaṁ urnaiġṫe fada ḋaoiḃ: d’á ḃriġ sin is troime‐de an breiṫeaṁnas tiuḃarfar oraiḃ.


iad‐san ṡloigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ar scáṫ urnaiġṫe fada; do‐ġeoḃaid‐sean an breiṫeaṁnas is truime.


Fá’n am sin, nuair do ḃí na mílte móra ag cruinniú le ċéile, i dtreo go raḃadar ag satailt ar a ċéile, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ le n‐a ḋeisceablaiḃ ar dtús, Seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ, is é sin an fuar‐ċráḃaḋ.


Seaċnaiḋ na scríoḃaiḋṫe, gur mian leo siuḃal i róbaiḃ fada, agus gur mór aca go n‐uṁlóċṫaiḋe ḋóiḃ ar áiteannaiḃ na margaḋ, agus na suiḋeaċáin tosaiġ d’ḟáġáil ins na sionagógaiḃ, agus na h‐ionada is fearr d’ḟáġáil ag fleaḋannaiḃ;


Agus ag féaċain dó, do ċonnaic sé na daoine saiḋḃre agus iad ag cur a dtaḃastas isteaċ sa gciste.


Óir, mar is eol daoiḃ féin é, níor ḃaineamar feiḋm ariaṁ as foclaiḃ plámáis, ná ní raiḃ sainnt fá ċlóca againn, is é Dia ár ḃfiaḋnaiḋe air;


Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ.


Ná bíoḋ mórċuid díḃ ’n‐ḃur luċt teagaisc, a ḃráiṫre, agus a ḟios agaiḃ gur troime‐de an breiṫeaṁnas ġeoḃaimíd d’á ḃárr.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan