Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 19:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus d’éiriġ Sacċéus ’n‐a ṡeasaṁ, agus aduḃairt sé leis an Tiġearna, Féaċ, A Ṫiġearna, do‐ḃeirim a leaṫ dem’ ṁaoin do na boċtaiḃ; agus má ḃaineas éinniḋ san éagcóir d’aon duine, do‐ḃeirim a ċeiṫre oiread ar ais dó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

8 Agus ṡeasuiġ Saċeus agus duḃairt leis an Tiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, ḃeirim leaṫ mo ċoda do na boċta, agus má rinne mé ċagcóir ar aoinneaċ i n-aon níḋ, ḃeirim a ċeiṫre oiread dó ṫar ais.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do ṡeasaiṁ Sacaeus agus duḃairt sé leis an dTiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, tá leaṫ mo ċoda agam ’á ṫaḃairt do sna daoine boċta; agus má ḋeineas éagcóir ar aoinne tá leóirġníoṁ agam ’á ḋéanaṁ leis fó ċeaṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus ag seasaṁ do Ṡaċéus, a duḃairt sé ris an Tiġearna; Féuċ, a Ṫiġearna, do ḃeirim leaṫ mo ṁáoine do na boċdaiḃ; agus má mbeall mé duine air biṫ a néinní, do ḃeirim ḋó a ċeiṫre oirid.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 19:8
22 Iomraidhean Croise  

Aċt, i dtaoḃ a ḃfuil istiġ, taḃraiḋ déirc uaiḃ; agus féaċ, sin é gaċ uile niḋ glan daoiḃ.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.


Agus adeirim liḃ, Déanaiḋ cáirde ḋaoiḃ féin le saiḋḃreas na mí‐ċneastaċta; i dtreo, nuair ḃéas easbaiḋ oraiḃ, go nglacfaidís isteaċ ins na puibliḃ síorraiḋe siḃ.


Agus nuair do ċonnacadar uile sin, do ḃíodar ag ceisneaṁ go mí‐ċéadfaċ, g‐á ráḋ, Do ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt isteaċ ag fear atá ’n‐a ṗeacaċ.


Agus nuair do ċonnaic an Tiġearna í, do ġaḃ truaġ ḋí é, agus aduḃairt sé léi, Ná bí ag gol.


Agus do ġlaoḋ Eoin ċuige beirt d’á ḋeisceablaiḃ, agus do ċuir sé ċum an Tiġearna iad, g‐á ráḋ, An tusa an té atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn fanaṁain le duine éigin eile?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan