Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 19:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 g‐á ráḋ, Dá mbéaḋ a ḟios agat san lá so atá ann, gaċ a mbaineann led’ ṡíoṫċáin! aċt anois atáid ceilte ó do ṡúiliḃ ort.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

42 Dá mbéaḋ a ḟios agat, agus sin ins na laeṫe seo féin atá agat, na neiṫe atá ċun síoṫċána duit, aċt tá siad foluiġṫe ó do ṡúla anois.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus dá mbeaḋ ’ḟios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neiṫe atá ċun síoṫċána ḋuit; táid siad, áṁṫaċ, i ḃfolaċ ó d’ṡúiliḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

42 Ag ráḋ, O dá naiṫeantá, ann sa lá agad féin fós, na neiṫe ḃeanas réd ṡioṫċáin! aċd atáid síad a nois foluiġṫe ód ṡúiliḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 19:42
35 Iomraidhean Croise  

Agus nuair ṫáinig sé i gcóṁgar, do ċonnaic sé an ċaṫair agus do ċaoin sé í,


Óir tiocfaiḋ na laeṫe ort, ’n‐a dtógfaiḋ do náiṁde móta id’ ṫimċeall, agus ’n‐a n‐iomṡuiḋfid ṫú, agus ’n‐a gcúṁanglóċaid ort ar gaċ taoiḃ,


agus buailfid ṫú ċum na talṁan, agus do ċlann atá istiġ ionnat: agus ní ḟágfaid cloċ ar muin cloiċe ionnat: toisc nár aiṫniġis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia ċugat.


An briaṫar do ċuir sé ċum clainne Israel, ag fógairt deaġ‐scéal síoṫċána tré Íosa Críost (is é Tiġearna ar ċáċ é) —


Agus do laḃair Pól agus Barnabas go dána, agus aduḃradar, Is liḃ‐se ba ḋual ḋúinn briaṫar Dé do laḃairt ar dtús. Aċt ó’s ag diúltaḋ ḋó atá siḃ, agus naċ fiú liḃ, de réir ḃúr mbreiṫe féin, an ḃeaṫa ṡíorraiḋe d’ḟáġáil, féaċ, atáimíd ag iompoḋ ċum na nGeinte.


aċt biḋiḋ ag brostú a ċéile lá i ndiaiḋ lae, a ḟaid agus glaoḋtar An Lá Indiu air; ar eagla go gcruaḋóċaiḋe aon duine


a ḟaid agus deirtear, Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ, Ná ċruaḋuiġiḋ ḃur gcroiḋeaċa, aṁail le linn na ceannairce.


Uime sin, mar deir an Spiorad Naoṁ, Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan