Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 19:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Aċt na náiṁde seo agam, nárḃ áil leo mise ḃeiṫ im’ riġ orṫa, taḃraiḋ annso iad, agus cuiriḋ ċum báis os mo ċóṁair iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Aċt taḃairigiḋ annseo na náiṁde úd liom, nárḃ áil leo mé a ḃeiṫ i mo ríġ orṫa, agus cuirigiḋ ċun báis ós mo ċóṁair iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Aċ na h-eascáirde seo nár ḃ’áil leó mise ḃeiṫ am’ rí orṫa, tugtar anso iad agus curtar ċun báis os mo ċóṁair iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Taḃruiḋ liḃ ann so, na naiṁde úd agamsa, le nar ḃáill misi do rioġaġ ós a gceann, agus marḃaiḋ am fiaḋnuisi iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 19:27
23 Iomraidhean Croise  

Aċt ṫáinig fearg ṁór ar an riġ; agus do ċuir sé a ṡluaiġte armṫa uaiḋ, agus do scrios sé na dúnṁarḃṫóirí sin, agus do loisc sé a gcaṫair.


Aċt do ḃí fuaṫ ag a ḋaoiniḃ ḋó, agus do ċuireadar teaċtaireaċt ’n‐a ḋiaiḋ, g‐á ráḋ, Ní h‐áil linn é seo ḃeiṫ ’n‐a riġ orainn.


Tiocfaiḋ sé agus scriosfaiḋ sé na scológa sin, agus do‐ḃéarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoiniḃ eile. Agus nuair do ċualadar‐san é, aduḃradar, Nár leigiḋ Dia sin.


Óir is laeṫeanta díoġaltais na laeṫeanta sin, ċum go gcóiṁlíonfar gaċ a ḃfuil scríoḃṫa.


Agus tuitfiḋ siad le faoḃar claiḋiṁ, agus béarfar i mbraiġdeanas iad ar fud na gcineaḋaċ go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá ċosaiḃ na bPágánaċ, go dtí go gcóiṁlíonfar ré na bPágánaċ.


ag feiṫeaṁ nó go ndéantar stól d’á náiṁdiḃ fá n‐a ċosaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan