Lúcas 18:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)43 Agus ar an láṫair fuair sé a raḋarc, agus do lean sé é, agus é ag taḃairt glóire do Ḋia: agus na daoine go léir, nuair do ċonnacadar é, ṫugadar molaḋ do Ḋia. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)43 Agus ḃí a raḋarc aige ar an ḃomaite, agus lean sé é, ag taḃairt ġlóire do Ḋia. Agus ar a ḟeiceáil sin do na daoine, ṫug siad go léir molaḋ do Ḋia. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)43 Agus fuair sé a raḋarc láiṫreaċ, agus do lean sé eisean ag molaḋ Dé; agus nuair a ċonaic na daoíne go léir an níḋ sin ṫugadar molaḋ do Ḋia. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)43 Agus do fúair sé a raḋarc ar an mball, agus do lean sé eisean, ag taḃairt glóire do Ḋiá: agus an tan do ċunnairc an pobal uile so, tugadar molaḋ do Ḋía. Faic an caibideil |