Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 18:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus nuair do‐ċuala Íosa é sin, aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort fós: díol a ḃfuil agat, agus taḃair do na boċtaiḃ é, agus béiḋ ionnṁas ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus nuair a ċuala Íosa sin, duḃairt sé leis: Tá aon níḋ aṁáin do ḋíṫ ionnat go fóill: díol gaċ níḋ dá ḃfuil agat, agus taḃair do na boċta, agus béiḋ stór agat ar neaṁ; agus tar, lean mise.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Nuair airiġ Íosa an níḋ sin duḃairt sé: Tá aon rud aṁáin i n-easnaṁ ort fós: Díol amaċ gaċ a ḃfuil agat agus taḃair do sna boċtaiḃ é, agus beiḋ stór agat ar neaṁ; agus tar agus lean mise.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus ar na cclos so Díosa, a duḃairt sé ris, Atá éinni fós duireasḃuiḋ ort: reac a ḃfuil agad, agus roinn ar na boċduiḃ, agus bíaiḋ cisde ar neaṁ agad: agus tárr, lean misi.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 18:22
16 Iomraidhean Croise  

Aduḃairt Íosa leis, Má’s maiṫ leat ḃeiṫ gan loċt, imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus béiḋ maoin ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


aċt ní ḟuil gáḃaḋ aċt le h‐aon niḋ aṁáin: óir do ṫoġ Máire an ċuid is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.


Agus adeirim liḃ, Déanaiḋ cáirde ḋaoiḃ féin le saiḋḃreas na mí‐ċneastaċta; i dtreo, nuair ḃéas easbaiḋ oraiḃ, go nglacfaidís isteaċ ins na puibliḃ síorraiḋe siḃ.


Agus aduḃairt seisean, Do ċóiṁlíonas na neiṫe sin uile óm’ óige.


Aċt ar n‐a ċlos sin dó‐san, d’éiriġ sé brónaċ go mór; óir do ḃí sé an‐tsaiḋḃir.


Agus aduḃairt sé leo uile, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros gaċ lá, agus leanaḋ sé mé.


A ḃráiṫre, ní h‐é go measaim go ḃfuil sé im’ ṡeilḃ fós: aċt atá aon niḋ aṁáin d’á ḋéanaṁ agam, ag déanaṁ dearmaid ar a ḃfuil ar mo ċúl agam, agus ag síneaḋ ċum a ḃfuil róṁam,


Aċt atá rud aṁáin ann, a ċáirde, gur ceart daoiḃ cuiṁneaṁ air, is é sin gur cuma leis an Tiġearna lá aṁáin nó míle bliaḋain, agus míle bliaḋain nó lá aṁáin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan