Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 18:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Ṡeasuiġ an Fairisíneaċ agus ġuiḋ sé leis féin mar seo: A Ḋia, ḃeirim buiḋeaċas duit naċ ḃfuil mé mar an ċuid eile de na daoine: creaċadóirí, luċt éagcóra, aḋaltrannaiġ, ná fosta mar an ṗuibliocánaċ seo;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Ṡeasaiṁ an Fairisíneaċ agus ḋein sé a ġuiḋe mar seo i n-a aigne féin: A Ḋia, ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat ná fuilim-se mar an ċuid eile de sna daoine, biṫeaṁnaiġ, luċt éagcóra, luċt aḋaltranais, ar nós an ṗuibliocánaiġ seo féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Ar seasaṁ don Ṗairisíneaċ do ḃí sé guiḋe mar so leis féin, A Ḋiá, beirim buiḋeaċas riot, naċ ḃfuilim mar atáid dáoine eile, a luċd fuáduiġ, éugcóraċ, aḋaltrannaċ, nó fós mar an bpuibliocánaċsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 18:11
26 Iomraidhean Croise  

Pilib agus Parṫalán; Tomás, agus Maṫa, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus;


Óir adeirim liḃ, muna sáruiġiḋ ḃur ḃfíréantaċtsa fíréantaċt na scríoḃaiḋe agus na ḃFairisíneaċ, naċ raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas ar ċor ar biṫ.


Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ mar luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ, gur maiṫ leo urnaiġe do ḋéanaṁ agus iad ’n‐a seasaṁ ins na sionagógaiḃ agus ag cúinniḃ na sráideann, ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad. Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr seasaṁ ag déanaṁ urnuiġṫe, má ḃíonn niḋ ar biṫ agaiḃ i n‐aġaiḋ aon duine, maiṫiḋ ḋó é; ionnas go maiṫfeaḋ ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ ḃúr gcionntaí ḋaoiḃ‐se mar an gcéadna.


iad‐san ṡloigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ar scáṫ urnaiġṫe fada; is iad ġeoḃas an daoir‐ḃreiṫ is truime.


Agus d’imṫiġ sé uaṫa timċeall faid urċair cloiċe; agus do‐ċuaiḋ sé ar a ġlúiniḃ agus do‐rinne sé guiḋe,


Óir an méid ċlaoiḋeas le h‐oibreaċaiḃ an dliġe atáid fá ṁallaċt: mar atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine naċ leanann do’n uile niḋ aṫá scríoḃṫa i leaḃar an dliġe, agus naċ gcuireann i ngníoṁ é.


i dtaoḃ díoġraise, inġreimṫeaċ na h‐eaglaise; i dtaoḃ na fíréantaċta atá san dliġe, fríṫ mé ḃeiṫ gan loċt.


De ḃriġ go n‐abrann tú, Atáim saiḋḃir agus maoin ar mo ṁian agam, gan uireasḃaiḋ éinniḋ orm; gan a ḟios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteaċ, boċt, dall, lomnoċt:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan