Lúcas 17:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)34 Adeirim liḃ, Béiḋ beirt ḟear i n‐aon leabaiḋ aṁáin, an oiḋċe sin; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile. Faic an caibideilNa Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)34 Deirim liḃ: An oiḋċe sin béiḋ beirt i n-aon leabaiḋ: tógfar duine acu, agus fágfar an duine eile. Faic an caibideilNa Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)34 Deirim liḃ, beiḋ, an oiḋċe sin, beirt i n-aon leabaiḋ: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beiḋ beirt ḃan ag meilt i n-aonḟeaċt: tógfar bean acu agus fágfar an ḃean eile; Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)34 A deirim riḃ, béid diás a náoinleabaiġ ann sa noiḋċe úd; geuḃṫar lé háon aca, agus fúiġfiġṫear an fear eile. Faic an caibideil |