Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 17:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Mar sin is eaḋ ḃéas, an lá ’n‐a ḃfoillseoċar Mac an Duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Is dá réir sin a ḃéas an lá ina ḃfoillseoċar Mac an Duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Mar sin isead ḃeiḋ, an lá a taisbeánfar Mac an Duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Is da réir so ḃias ar an lá ann a ḃfoillseoċṫar Mac an duine.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 17:30
22 Iomraidhean Croise  

Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann, ṫáinig na deisceabail ċuige ar leiṫriḋ, g‐á ráḋ. Innis dúinn, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin ċum críċe? agus cad é cóṁarṫa do ṫeaċta, agus deiriḋ an tsaoġail?


Agus fá mar ḃí i laeṫiḃ Naoi, mar sin ḃéas teaċt Ṁic an Duine.


agus níor ṁeaḃruiġeadar éinniḋ nó go dtáinig an díle agus gur scuab sí iad go léir léi; mar sin ḃéas teaċt Ṁic an Duine.


Aduḃairt Íosa leis, Aduḃrais é: aċt ċeana adeirim leat, Ċifiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe feasta ar ḋeas‐láiṁ na h‐uile‐ċuṁaċta, agus é ag teaċt ar néalltaiḃ neiṁe.


Agus annsin do‐ċifid Mac an Duine ag teaċt ins na scamallaiḃ le cuṁaċt ṁóir agus le glóir.


óir fá mar lasann an teintreaċ ó áird aṁáin de’n spéir go dtí an áird eile, agus í ag splanncaḋ, mar sin is eaḋ ḃéas Mac an Duine ’n‐a lá féin.


aċt an lá ’n‐ar imṫiġ Loṫ amaċ as Sodom, do ṫuit cioṫ teineaḋ agus ruiḃe ó neaṁ anuas, gur scrios sé iad go léir.


Óir is laeṫeanta díoġaltais na laeṫeanta sin, ċum go gcóiṁlíonfar gaċ a ḃfuil scríoḃṫa.


Agus annsin do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt i scamall le cuṁaċt agus le glóir ṁóir.


ar ṁoḋ naċ ḃfuil bronntanas ar biṫ i n‐easnaṁ oraiḃ; ag fanaṁain daoiḃ go ḃfoillsiġṫear ár dTiġearna Íosa Críost;


an té ḋaingneoċas siḃ go deireaḋ, ċum go mbéiḋ siḃ gan loċt i ló ár dTiġearna Íosa Críost.


Nuair foillseoċar Críost, ár mbeaṫa‐na, foillseoċar siḃ‐se, ċóṁ maiṫ, mar aon leis i nglóir an t‐am sin.


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


D’á ḃriġ sin, ag teannaḋ ḃur n‐intinne, biḋiḋ stuama, agus bíoḋ ḃur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiuḃarfar daoiḃ le foillsiú Íosa Críost;


ċum go ḃfaiġfear dearḃú ḃur gcreidiṁ, atá níos luaċṁaire ’ná ór ṫéiġeas ar neiṁniḋ, giḋ go mbruiṫntear é le teiniḋ, go ḃfaiġfear a ṫairḃe i molaḋ, i nglóir, agus i n‐onóir nuair foillseoċar Íosa Críost:


aċt ó tá siḃ rannṗáirteaċ ’n‐ar ḟulaing Críost, déanaiḋ gáirdeaċas; ċum go mbéiḋ áṫas agus árd‐ṁeanma oraiḃ, ċóṁ maiṫ, nuair foillseoċar a ġlóir.


Anois, a ċlann ḃeag, cóṁnuiġiḋ ann, ionnas, má foillsiġtear é, go mbéiḋ uċtaċ againn, gan náire ḃeiṫ orainn nuair ṫiocfas sé.


A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé.


Féaċ, atá sé ag teaċt leis na néalltaiḃ; agus ċífiḋ gaċ súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfiḋ treaḃa uile an doṁain d’á ḃárr. Mar sin ḃéas. Amen.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan