Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 17:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Aċt caiṫfiḋ sé ar dtús mórán d’ḟulang, agus diúltaḋ d’ḟáġáil ó’n slioċt so.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Aċt is éigean dó ar dtús mórán neiṫe d’ḟuilstin, agus diúltaḋ d’ḟaġáil ó’n ġlúin seo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Ní foláir dó an dtúis, áṁṫaċ, mórán d’ḟulang, agus an tslioċt só ’ġá ṡéanaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Aċd is éigin dó ar tús mórán dfulang, agus a ḋiultaḋ ón ċineaḋsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 17:25
18 Iomraidhean Croise  

Ó’n am sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar a ṁíniú d’á ḋeisceablaiḃ gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’ḟulang ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe é ċum báis, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá.


Aduḃairt Íosa leo, Nár léiġeaḃar riaṁ ins na scrioptúiriḃ, An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí: Is ó’n Tiġearna ṫáinig sí, Agus is iongnantaċ é ’n‐ár súiliḃ.


’g‐a ráḋ, Féaċaiḋ, atámuid ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐ḃéarfar Mac an Duine d’uaċtaránaiḃ na sagart, agus do na scríoḃaiḋṫiḃ; agus daorfaid‐sean ċum báis é, agus do‐ḃéarfaid do na Págánaċaiḃ é:


An é nár léiġeaḃar an scrioptúir seo: An ċloċ d’ar ḋiúltaiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí:


Agus do ṫosnuiġ sé ar a innsint dóiḃ, go gcaiṫfeaḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus diúltaḋ d’ḟáġáil ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe ċum báis é, agus go n‐éireoċaḋ sé tar éis trí lá.


Óir do ḃí sé ag teagasc a ḋeisceabal, agus ’g‐a ráḋ leo, Atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ na ndaoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃṫa, éireoċaiḋ sé an treas lá.


Agus do ṫarraing sé ċuige an dáréag, agus aduḃairt sé leo, Féaċ, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem, agus cóiṁlíonfar gaċ uile niḋ d’á ḃfuil scríoḃṫa ag na fáiḋiḃ i dtaoḃ Ṁic an Duine.


agus sciúrsálfaid é, agus marḃóċaid é: agus éireoċaiḋ sé arís an treas lá.


agus aduḃairt sé leo, Is aṁlaiḋ atá scríoḃṫa gurḃ éigean do’n Ċríost fulang, agus aiséirġe ó na marḃaiḃ an treas lá;


g‐á ráḋ, Caiṫfiḋ Mac an Duine mórán d’ḟulang, agus go séanfaḋ na seanóirí, agus uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe é, agus go marḃóċaiḋe é, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá.


Is ċum a ċoda féin a ṫáinig sé, agus níor ġlac a ṁuinntear féin leis.


ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe briaṫar Ésáias fáiḋ, aduḃairt, A Ṫiġearna, cia ċreid ar ḟógramar? Agus cia ḋó gur noċtaḋ láṁ an Tiġearna?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan