Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 16:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus adeirim liḃ, Déanaiḋ cáirde ḋaoiḃ féin le saiḋḃreas na mí‐ċneastaċta; i dtreo, nuair ḃéas easbaiḋ oraiḃ, go nglacfaidís isteaċ ins na puibliḃ síorraiḋe siḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus deirim-se liḃ: Déanaigiḋ cáirde díḃ féin de ṁammon na h-urċóide; ionnas, nuair a ḃéas siḃ i n-easbaiḋ, go nglacaiḋ siad isteaċ ins na h-áruis síorraiḋe síḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus deirim-se liḃ-se: Deiniḋ daoine muintearṫa ḋaoiḃ féin leis an saiḋḃreas claon so, i dtreó, nuair a ḃeiḋ siḃ claoiḋte, go nglacfaidís siḃ isteaċ ins na tiġṫiḃ síoruiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a deirinsi riḃ, Déanuiḋ cáirde ḋiḃ féin lé sáiḋḃreas na héagcóra; ionnus an tráṫ ḃías uireasḃuiḃ oruiḃ, go nglacfuiḋ siḃ ann a lóisdiniḃ siorruiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 16:9
28 Iomraidhean Croise  

Aduḃairt Íosa leis, Má’s maiṫ leat ḃeiṫ gan loċt, imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus béiḋ maoin ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


Ná soláṫruiġiḋ stór daoiḃ féin ar an talaṁ so, mar a milleann an leaṁan agus an ṁeirg é, agus mar a mbíonn biṫeaṁnaiġ ag briseaḋ isteaċ agus ag goid:


Ní féidir d’aoinneaċ seirḃís do ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ do’n duine eile: nó claoiḋfiḋ sé le duine aca, agus béiḋ droċ‐ṁeas aige ar an duine eile. Ní féidir ḋaoiḃ seirḃís do ḋéanaṁ do Ḋia agus do Ṁammon.


Aċt, i dtaoḃ a ḃfuil istiġ, taḃraiḋ déirc uaiḃ; agus féaċ, sin é gaċ uile niḋ glan daoiḃ.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.


agus béiḋ beannaċt ort; de ḃriġ naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ cúiteaṁ do ḋéanaṁ leat: óir cúiteoċar leat i n‐aiséirġe na ḃfíréan.


D’á ḃriġ sin, muna raḃaḃar dílis i saiḋḃreas na ceilge, cia ċuirfeas fá n‐ḃúr gcúram an saiḋḃreas fírinneaċ?


Ní ḟéadann aon tsearḃónta seirḃís do ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ do’n duine eile; nó claoiḋfiḋ sé le duine aca, agus béiḋ droċ‐ṁeas aige ar an duine eile. Ní féidir ḋaoiḃ fóġnaṁ do Ḋia agus do Ṁamón.


Atá a ḟios agam créad do‐ġéanad, ar ṁoḋ, nuair cuirfear mé as an maoirseaċt, go nglacfaid mé ’n‐a dtiġṫiḃ.


agus aduḃairt sé, A Ċornéliuis, do h‐éisteaḋ led’ ġuiḋe, agus do cuiṁniġeaḋ ar do ċuid déirce i láṫair Dé.


Agus aduḃairt seisean, ag féaċaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leis, Atá t’urnaiġṫe agus do ċuid déirce imṫiġṫe suas mar ċuiṁneaċán i láṫair Dé.


Óir, ár gcráḋ beag éadtrom, naċ maireann aċt tamall gearr, soláṫruiġeann sé ḋúinn carn glóire síorraiḋe atá gan ċuimse;


agus congḃuiġiḋ siḃ féin i ngráḋ Dé, ag súil le trócaire ár dTiġearna Íosa Críost ċum na beaṫaḋ marṫannaiġe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan