Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 16:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Aċt aduḃairt Abraċam, A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuarais‐se deaġ‐neiṫe le linn do ṡaoġail, fá mar fuair Lasár droċ‐neiṫe: aċt anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

25 Agus duḃairt Abraham leis: A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuair tusa neiṫe maiṫe i do ṡaoġal, agus Lasair, mar an gcéadna, droċ-neiṫe; agus anois tá sólás dá ḟaġáil aige-sean, agus tá tusa do ċéasaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus duḃairt Ábraham leis: Cuiṁnig, a ṁic, conus mar a fuarais-se neiṫe fóġanta i gcaiṫeaṁ do ḃeaṫa agus go ḃfuair Lasarus droċ-neiṫe; aċ anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Aċd a duḃairt Abraham, A ṁic, cuiṁniġ gur ġlac tusa neiṫe maiṫe le linn do ḃeiṫ béo, agus Lásarus mar an gceadna droċ neiṫe: aċd atá sólas aigesion a nois dá ḟáġáil, agus atá tusa dod ṗíanaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 16:25
25 Iomraidhean Croise  

A ṫiġearna, is cuiṁin linn go nduḃairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireoċad arís.


Agus má ḃíonn do ċos ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr díot í: is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ, agus tú id’ ḃacaċ, ’ná an dá ċois do ḃeit agat agus go gcaiṫfiḋe ṫú i n‐ifreann.


agus do ḃí boċtán darḃ ainm Lasár sínte ’n‐a luiġe le h‐ais a ḋorais, é lán de ċneaḋaċaiḃ,


Agus i Hades dó, agus é beo‐ṗianta, d’árduiġ sé a ṡúile, agus do ċonnaic sé Abraċam i ḃfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a uċt.


Agus ṫairis sin agus uile, atá duiḃeagán mór suiḋte eadrainn: i dtreo naċ ḃféadann siad‐san gur mian leo é dul ċugaiḃ‐se anonn, ná teaċt as sin anall ċugainne.


Aċt is mairg daoiḃ‐se atá saiḋḃir! óir atá ḃúr sólás agaiḃ ċeana féin.


Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagaḋ ċum ḃeiṫ seasaṁaċ san gcreideaṁ, mar gur tré mórán d’ḟulang caiṫfear ríoġaċt Dé do ḃaint amaċ.


mar náiṁdeas i n‐aġaiḋ Dé is eaḋ an meon colnaiḋe; óir ní uṁluiġeann sé do ḋliġe Dé, agus ċeana, ní ḟéadann sé uṁlú:


gur ab é a ndamnú a ndeireaḋ, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐aḋḃar maoiḋṁeaċais a náire, dream ċuireas a ndúil i neiṫiḃ saoġalta.


ċum naċ gcorróċaiḋe aon duine leis na caṫuiġṫiḃ úd: óir atá a ḟios agaiḃ gur ċuige sin do h‐órduiġeaḋ sinn.


g‐á ṫaḃairt de roġa anró d’ḟulang i n‐éinḟeaċt le pobal Dé, ’ná pléisiúr do ḃaint as an bpeacaḋ ar feaḋ tamaill;


Ná taḃraiḋ gráḋ do’n tsaoġal ná do na neiṫiḃ atá san tsaoġal. Má ḃeireann aoinneaċ gráḋ do’n tsaoġal, ní ḟuil gráḋ an Aṫar ann.


Agus aduḃras‐sa leis, A Ṫiġearna, atá a ḟios agat‐sa. Agus aduḃairt seisean liom, Is iad na daoine ṫáinig as an anró mór iad so, agus do niġeadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i ḃfuil an Uain.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan