Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 16:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus i Hades dó, agus é beo‐ṗianta, d’árduiġ sé a ṡúile, agus do ċonnaic sé Abraċam i ḃfad i gcéin, agus Lasár ’n‐a uċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus ag tógáil suas a ċuid súl dó nuair a ḃí sé dá ṗianaḋ, ċonnaic sé Abraham i ḃfad uaiḋ, agus Lasair ina uċt aige,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus nuair a ḃí sé ag fulang na bpian d’ḟéaċ sé suas agus ċonaic sé, aḃfad uaiḋ, Lasarus agus é i n-uċt Ábrahaim;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus ar mbeiṫ ḋó a nifearn a bpíanuiḃ do ṫóg sé a ṡúile súas, agus do ċunnairc sé Abraham a ḃfád Uaḋ, agus Lasarus ann a uċd.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 16:23
26 Iomraidhean Croise  

Agus tusa, a Ċafarnaúim, an suas go neaṁ árdóċar ṫú? síos go h‐ifreann ísleoċar ṫú: óir dá ndéantaiḋe i Sodom na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnat‐sa, d’ḟanfaḋ sé ann go dtí an lá so.


Agus má ḃeir do ṡúil aḋḃar scannail duit, srac amaċ í, agus caiṫ uait í: is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ ar leaṫ‐ṡúil, ’ná an dá ṡúil do ḃeiṫ agat agus ṫú ċaiṫeaṁ i n‐ifreann na teineaḋ.


A ṗiasta, a ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas éalóċas siḃ ó ḋaor‐ḃreiṫ ifrinn?


Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.


Uime sin, má ḃíonn do ṡúil ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í agus caiṫ uait í: óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann.


Agus, féaċ, do ġlaoḋadar amaċ agus aduḃradar, Cad é an ḃaint atá againn leat‐sa, a Ṁic Dé? an ċum sinn do ċiapaḋ roiṁ an aimsir ṫáinig tú?


Agus do liúiġ sé agus aduḃairt. A aṫair Abraċam, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiriḋ sé bárr a ṁéire i n‐uisce, ċum mo ṫeanga d’ḟuaraḋ: óir atáim fá ċráḋ sa lasair seo.


go dtiuḃraḋ sé foláireaṁ ḋóiḃ, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine.


Agus nuair do ċonnaic sé Íosa, do ġlaoḋ sé amaċ agus do ṫuit sé ar lár roiṁe, agus aduḃairt sé de ġuṫ árd, Caidé an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde?


A ḃáis, cá ḃfuil do ḃuaiḋ?


Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacaḋ, aċt gur ṫeilg sé síos go Tartarus iad, agus gur ċuir sé go h‐uaċaisiḃ dorċaċta iad, ċum iad do ċongḃáil fá ċóṁair an ḃreiṫeaṁnais;


Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan