Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 16:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus ṫarla go ḃfuair an boċtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐uċt Abraċaim: agus fuair an duine saiḋḃir bás, leis, agus do h‐aḋlacaḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus ṫárla go ḃfuair an fear déirce bás, agus gur iomċar na h-aingle go h-uċt Abrahaim é. Agus fuair an fear saiḋḃir báṡ fosta, agus h-aḋlacaḋ i n-ifreann é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus ṫárla go ḃfuair an duine boċt bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-uċt Ábrahaim. Agus fuair an fear saiḋḃir bás, agus do cuireaḋ i n-ifreann é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus tárla, go ḃfuair an duine boċd bás, agus gur iomċradar na haingil go huċd Abraṁam é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saiḋḃir bás, agus do haḋluiceaḋ é;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 16:22
28 Iomraidhean Croise  

Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ.


Agus cuirfiḋ se a aingil amaċ le glaoḋ mór stuic, agus baileoċaiḋ siad a ḟiréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó imeall go h‐imeall neiṁe.


Agus adeirim liḃ go dtiocfaiḋ a lán daoine ó’n doṁan ṫoir agus ó’n doṁan ṫiar, agus go suiḋfiḋ siad i ḃfoċair Abraċaim, agus Íosóig,


Óir cad é an tairḃe do ḋuine, dá ngnóṫuiġeaḋ sé an saoġal go h‐iomlán, agus a anam do ċailleaṁain?


Aċt aduḃairt Dia leis, A ḋuine gan ċéill, éileoċar t’anam ort anoċt féin; agus cia aige go mbéiḋ gaċ a ḃfuil curṫa le ċéile agat?


agus é ag tnúṫ le ’n‐a ṡáiṫ d’ḟáġáil de’n ḃroscar do ṫuiteaḋ ó ḃórd an duine ṡaiḋḃir; agus do ḃíoḋ na madraí féin ag teaċt agus ag liġeaḋ a ċneaḋ.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


Agus do ḃí ag an mbórd duine d’á ḋeisceablaiḃ, do b’ionṁain le h‐Íosa, ’n‐a luiġe ar uċt Íosa.


Agus ar iompoḋ do Ṗeadar do ċonnaic sé an deisceabal ba ionṁain le h‐Íosa ag leanaṁain; an té do ṡín ’n‐a uċt ag an suipéar, an té aduḃairt, A Ṫiġearna, cia h‐é ḃraiṫfeas ṫú?


Naċ spioraidí freastail iad go léir, atá curṫa amaċ ċum frioṫálṁa orṫa‐san go ḃfuil an slánuġaḋ i ndán dóiḃ mar oiḋreaċt?


D’á ḃriġ sin, ó tá an ċlann rannṗáirteaċ i ḃfeoil agus i ḃfuil, do ġlac sé féin, leis, páirt ionnta; ċum go mbrisfeaḋ sé, de ḃárr an ḃáis, ċuṁaċt an té go raiḃ cuṁaċt an ḃáis aige, is é sin an diaḃal;


Óir éiriġeann an ġrian le teas dian‐loiscneaċ, agus seargann sí an féar, go dtuiteann a ḃláṫ, agus go dtéiġeann maise a ḋeallraiṁ i n‐éag: mar sin, is eaḋ, raċaiḋ an duine saiḋḃir i n‐éag ’n‐a ċúrsaiḃ.


an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.


Agus do ċualas glór ó neaṁ, g‐á ráḋ, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na mairḃ do‐ġeiḃ bás san Tiġearna ó’n am so feasta: Is eaḋ, adeir an Spiorad, ċum go ḃfaiġiḋ siad suaiṁneas ó n‐a saoṫar; óir leanann a ngníoṁarṫa iad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan