Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 16:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ġlaoḋ sé ċuige é, agus aduḃairt sé leis, Créad é seo do‐ċluinim id’ ṫaoḃ‐sa? taḃair cunntas do ṁaoirseaċta; óir ní ḟéadfair ḃeiṫ id’ ṁaor agam feasta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ġoir sé ċuige é, agus duḃairt sé leis: Cad é seo a ċluinim fá dtaoiḃ díot? Taḃair cunntas ar do stiuḃardaċt uait; óir ní ṫig leaṫ a ḃeiṫ i do stiuḃard anois níos fuide.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus do ġlaoiḋ sé ċuige é, agus duḃairt sé leis, Cad é seo a ċloisim ad’ ṫaoḃ-sa? Taḃair cúntas ad’ stíḃardaiḋeaċt, mar ní ḟéadfair ḃeiṫ ad’ stíḃard feasda.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus ar na ġairm ċuige ḋo, a duḃairt sé ris, Créd é so do ċluinim ort?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 16:2
23 Iomraidhean Croise  

Agus adeirim‐se liḃ, Gaċ focal díoṁaoin laḃarfas daoine, caiṫfiḋ siad cunntas do ṫaḃairt ann, lá an ḃreiṫeaṁnais.


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, aduḃairt tiġearna an ḟíonġuirt le n‐a ṁaor, Glaoḋ ar an luċt oibre, agus íoc leo a dtuarastal, ag tosnú leis an dream deireannaċ go dtí an ċéad dream ṫáinig.


Aċt aduḃairt Dia leis, A ḋuine gan ċéill, éileoċar t’anam ort anoċt féin; agus cia aige go mbéiḋ gaċ a ḃfuil curṫa le ċéile agat?


Agus aduḃairt an Tiġearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallṁar, go gcuirfiḋ a ṫiġearna é i mbun a ṫeaġlaiġ, ċum go dtiuḃraiḋ sé a gcuid biḋ ḋóiḃ i dtráṫ?


Agus aduḃairt sé fós le n‐a ḋeisceablaiḃ, Do ḃí duine saiḋḃir ann, agus do ḃí maor aige; agus do‐rinneaḋ gearán leis ’n‐a ṫaoḃ, go raiḃ sé ag cur a ṁaoine amuġa.


Agus aduḃairt an maor ’n‐a aigne féin, Créad do‐ġéanad, agus mo ṁáiġistir ag baint na maoirseaċta ḋíom? Ní ḟuil neart agam ċum róṁar do ḋéanaṁ; is nár liom ḃeiṫ ag iarraiḋ déirce.


D’á ḃriġ sin ḃéarfaiḋ gaċ duine againn cunntas ’n‐a ṫaoḃ féin do Ḋia.


Óir do h‐inniseaḋ ḋom ’n‐ḃur dtaoḃ, a bráiṫre, ó ṁuinntir Ċlóé, go ḃfuil éada oraiḃ le ċéile.


Ṫairis sin is é rud éiliġtear ar ṁaoraiḃ ḃeiṫ dílis.


D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.


Óir caiṫfimíd uile dul i láṫair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċríost; ċum go ḃfaiġeaḋ gaċ aoinneaċ cúiteaṁ a ndearna sé san gcolainn, do réir a ġníoṁarṫa, cia aca maiṫ nó olc iad.


Ná déan failliġe san taḃartas atá ionnat, tugaḋ tré ṫarngaire ḋuit le leagaḋ láṁ na seanóir.


Atá daoine ann go ḃfuil a bpeacaiḋe follusaċ, ag tarraingt breiṫeaṁnais orṫa féin; agus atá daoine eile ann go noċtar a bpeacaiḋe ’n‐a ndiaiḋ.


Do réir mar fuair gaċ duine bronntanas, roinniḋ ar a ċéile é, mar ḋéanfaḋ deaġ‐ṁaoir grása iomadaṁla Dé.


Ḃéarfaiḋ siad cunntas do’n té atá ullaṁ ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar ḃeoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ.


Agus do ċonnacas na mairḃ, idir ḃeag agus ṁór, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ; agus do fosclaḋ na leaḃair: agus do fosclaḋ leaḃar eile, is é leaḃar na beaṫaḋ é: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar na marḃaiḃ as a raiḃ scríoḃṫa ins na leaḃraiḃ, do réir a ngníoṁarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan