Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 16:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus aduḃairt sé leo, Is siḃ‐se an dream ṁaoiḋeas as ḃúr ḃfíréantaċt féin i ḃfiaḋnaise na ndaoine; aċt is eol do Ḋia ḃúr gcroiḋeaċa istiġ: óir an niḋ atá fá árd‐ṁeas i measc daoine, is gráin le Dia é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus duḃairt sé leo: Is siḃ-se an dream a ġní síḃ féin cóir i ḃfiaḋnaise na ndaoine, aċt is eol do Ḋia ḃur gcroiḋṫe; óir an níḋ a ḃíos árd i meas daoine, bíonn sé fuaṫṁar i láṫair Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus duḃairt sé leó: Is siḃ-se a ḋeineann siḃ féin fíoraonta i súiliḃ daoine, aċ is eól do Ḋia ḃúr gcroiḋṫe; agus an rud atá árd i súiliḃ daoine, tá gráin ag Dia air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 16:15
40 Iomraidhean Croise  

Aċt is ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad ġníos siad gaċ éinniḋ: óir leaṫnuiġid a ḃfulaictéirí,


Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr dtroscaḋ, ná biḋiḋ gruamḋa ar nós luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: óir dorċuiġid‐sean a gceann‐aiġṫe ċum go ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilid ’n‐a dtroscaḋ. Adeirim liḃ go fírinneaċ go ḃfuil a luaċ‐saoṫair fáġálta aca.


Ar an aḋḃar sin, nuair ḃíos tú ag taḃairt déirce, ná séid aon aḋarc róṁat, mar do‐ġní luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ ins na sionagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, d’ḟonn onóir d’ḟáġáil ó na daoiniḃ. Go fírinneaċ adeirim liḃ go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ mar luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ, gur maiṫ leo urnaiġe do ḋéanaṁ agus iad ’n‐a seasaṁ ins na sionagógaiḃ agus ag cúinniḃ na sráideann, ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad. Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


Aċt aduḃairt seisean le h‐Íosa, agus fonn air a ḟíréanú féin.


Agus aduḃairt an Tiġearna leis, Naċ breaġ mar ġlanann siḃ‐se, a Ḟairisíneaċa, an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṗláta; aċt bíonn siḃ líonta istiġ de ṡainnt agus de ċuirpṫeaċt.


Do ṡeas an Fairisíneaċ agus do‐rinne sé a ġuiḋe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Ḋia, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat naċ mar a ċéile mise agus daoine eile, foġlaiḋṫe, agus luċt éagcóra, agus luċt aḋaltrannais, ná fós duine de ṡaġas an ṗoibleacáin seo.


Adeirim liḃ go ndeaċaiḋ sé seo síos aḃaile agus é fíréanuiġṫe de ḃreis ar an duine eile: óir gaċ duine árdóċas é féin uṁlóċar é, aċt an té uṁluiġeas é féin árdóċar é.


Agus aduḃairt seisean, Do ċóiṁlíonas na neiṫe sin uile óm’ óige.


Agus aduḃairt sé an tsaṁlaoid seo le dream a ḃí muiniġineaċ asta féin gur ḋaoine fíréanta iad, agus ag a raiḃ tarcuisne ar ċáċ eile:


Agus d’ḟaireadar air, agus do ċuireadar uaṫa spíodóirí, do leig orṫa féin gur ḋaoine fíréanta iad, go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt, ċum go dtiuḃraidís suas do ċuṁaċt agus d’uġdarás an ċeann‐ṗuirt é.


iad‐san ṡloigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ar scáṫ urnaiġṫe fada; is iad ġeoḃas an daoir‐ḃreiṫ is truime.


agus nár ṫeastuiġ uaiḋ teist ar an duine d’ḟáġáil ó aoinneaċ; óir do b’eol dó féin créad do ḃí sa duine.


Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.


(Is aṁlaiḋ fuair an fear sin talaṁ le tuarastal a ċuirpṫeaċta; agus do ṫuit sé i ndiaiḋ a ċinn, agus do scoilt sé ’n‐a lár, agus do scéiṫ a inní go léir amaċ.


Agus do ġuiḋeadar, agus aduḃradar, A Ṫiġearna, ṫuigeas croiḋeaċa na ndaoine uile, taisbeán dúinn cia aca de’n ḃeirt seo is roġa leat,


Agus Dia ṫuigeas a ḃfuil san gcroiḋe, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ḃfáḃar, ag bronnaḋ an Spioraid Naoiṁ orṫa, fá mar ḃronn sé orainne;


óir ní fíréanóċar duine ar biṫ ’n‐a ḟiaḋnaise tré oibreaċaiḃ dliġe: óir is tré ḋliġe ṫagas eolas an ṗeacaiḋ.


Agus an té scrúduiġeas croiḋeaċa, is eol dó aigne an Spioraid, mar ġní sé eadarġuiḋe ar son na naoṁ do réir tola Dé.


D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.


aċt nádúir ḟoluiġṫe an ċroiḋe istiġ, deaġ‐ṁaise neaṁ‐ṫruailliġṫe caoin‐spioraid ċeannsa, atá an‐luaċṁar i ḃfiaḋnaise Dé.


Ar an gcuma ċéadna, cuireaḋ an t‐aos óg iad féin fá ċeannas na seanóir. Bíoḋ an uṁlaċt mar ċlúdaċ oraiḃ, óir cuireann Dia i n‐aġaiḋ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan