Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 16:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 D’á ḃriġ sin, muna raḃaḃar dílis i saiḋḃreas na ceilge, cia ċuirfeas fá n‐ḃúr gcúram an saiḋḃreas fírinneaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Ar an aḋḃar sin, muna raiḃ síḃ dílis san tsaiḋḃreas ḃréagaċ, cé ṫaoḃfas é sin atá fíor liḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 D’á ḃríġ sin, murar ḋílis siḃ-se sa tsaiḋḃreas ḃréagaċ, cé ċuirfiḋ ar ḃúr láiṁ an saiḋḃreas fírinneaċ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Ar a naḋḃarsin muna raḃaḃairse fírinneacċ ann sa tsaiḋḃreas ḃréagaċ, cia ṫáoḃtas an saiḋḃreas fírinneaċ riḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 16:11
9 Iomraidhean Croise  

Ní féidir d’aoinneaċ seirḃís do ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ do’n duine eile: nó claoiḋfiḋ sé le duine aca, agus béiḋ droċ‐ṁeas aige ar an duine eile. Ní féidir ḋaoiḃ seirḃís do ḋéanaṁ do Ḋia agus do Ṁammon.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.


Agus muna raḃaḃar dílis i gcuid duine eile, cia ḃéarfas daoiḃ an niḋ is liḃ féin?


Agus adeirim liḃ, Déanaiḋ cáirde ḋaoiḃ féin le saiḋḃreas na mí‐ċneastaċta; i dtreo, nuair ḃéas easbaiḋ oraiḃ, go nglacfaidís isteaċ ins na puibliḃ síorraiḋe siḃ.


Agus nuair do‐ċuala Íosa é sin, aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort fós: díol a ḃfuil agat, agus taḃair do na boċtaiḃ é, agus béiḋ ionnṁas ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?


cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan